Monday, 19 April 2021

Craobhacha Reigiúnacha Chomórtas Óráide an Phiarsaigh 2021 - BEO ar líne!

Craobhacha Reigiúnacha Chomórtas Óráide an Phiarsaigh 2021 - BEO ar líne!

Den chéad uair riamh i gComórtas an Phiarsaigh, reáchtáladh comórtas óráide in ionad comórtas díospóireachta toisc srianta na paindéime. Tháinig beagnach 100 iarratas ó iar-bhunscoileanna ar fud na tíre agus bhí babhtaí cáilithe á reáchtáil ó roimh an Nollaig. Tá an-áthas orainn go raibh an oiread éileamh ar chomórtas na bliana seo agus deir moltóirí an chomórtais go raibh gach iarratas a tháinig isteach ar ardchaighdeán. 

Beidh na craobhacha réigiúnacha de Chomórtas Óráide an Phiarsaigh á gcraoladh beo gach oíche ag 7i.n. ón Luan, 19 Aibreán - Déardaoin, 22 Aibreán ar leathanach Facebook Gael Linn agus ar cainéal YouTube Gael Linn. 4 Chraobh Réigiúnach a chraolfar san iomlán agus beidh buaiteoirí ó gach Craobh Réigiúnach ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann. 

Cloisfear óráidí na hiomaiteoirí uile agus fógróidh na moltóirí cé hiad na hiomaitheoirí a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann 2021. Is é Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn, a bheidh ina fhear an tí.

Guíonn muid gach rath ar na hiomaitheoirí uile agus déanann muid comhghairdeas leo uile as an Craobh Réigiúnach a bhaint amach. 


Dé Luain, 19 Aibreán @7i.n.

Craobh Réigiúnach 1: (Cliceáil anseo le féachaint air)

Moltóirí: Áine Ní Ghlinn agus Colm Ó Dualacháin 

Scoileanna san iomaíocht:

  • Coláiste Pobail Átha Luain, Bóthar na Dithréibhe, Baile Átha Luain
  • Coláiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead
  • Coláiste Pobail Acla, Poll Raithní, Oileán Acla
  • Ardscoil Mhuire, Béal Átha na Sluaighe
  • Scoil na hOllscoile Caitlicí,89 Sráid Líosáin Íoctarach, BÁC 2
  • Coláiste Wesley, Baile an tSaoir
  • Coláiste de la Salle, Bóthar Bhaile na Lorgan, Dún Dealgan
  • Meánscoil Naomh Mhichíl, Fionnghlas

Dé Máirt, 20 Aibreán @7i.n.

Craobh Réigiúnach 2: (Cliceáil anseo le féachaint air)

Moltóirí: Máirín Bean Uí Mhuirí agus Liam Mac a' Mhaoir

Scoileanna san iomaíocht:

  • Meánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach
  • Scoil Mhuire, Maigh Chromtha
  • Coláiste Pobail Oileán Chiarraí
  • Meánscoil Bhríd Naofa, Cill Áirne
  • Meánscoil Naomh Mhuire, Mala
  • Pobalscoil Eoin Baiste, An t-Ospidéal 
  • Meánscoil Loreto, Cluain Meala 


Dé Céadaoin, 21 Aibreán @7i.n.

Craobh Réigiúnach 3: (Cliceáil anseo le féachaint air)

Moltóirí: Caitríona Nic Dhonncha agus Fergus Ó Conghaile

Scoileanna san iomaíocht:

  • Scoil Áine Naofa, Bóthar Rosanna, Baile Thiobraid Árainn
  • Scoil na Mainistreach, Baile Thiobraid Árainn
  • Meánscoil na nUrsalach, Durlas
  • Coláiste Chill Chainnigh
  • Meánscoil Loreto, Baile na Gaoithe, Loch Gorman
  • Meánscoil an Teaghlaigh Naofa, Droichead Nua
  • Scoil Ghearóid Naofa, Bré
  • Meánscoil Naomh Iósaf Cluny, Cill Iníon Léinín, BÁC
  • Ardscoil Uí Urmholtaigh, Droichead na Bandan

Déardaoin, 22 Aibreán @7i.n.

Craobh Réigiúnach 4: (Cliceáil anseo le féachaint air)

Moltóirí: Áine Máire Ní Ghioballáin agus Seosamh Ó hÉanaigh

Scoileanna san iomaíocht:

  • Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach
  • Mainistir Loreto, Deilginis
  • Meánscoil Chnoc Ainbhil, Baile na nGabhar
  • Meánscoil Naomh Mhuire, Glasnaíon
  • Coláiste na Carraige Duibhe
  • Coláiste Pháirc Mhucrois, Domhnach Broc



Tuilleadh eolais ó riarthóirí an chomórtais

Tomás Rua Ó Cadhla 

tomasrua@gael-linn.ie

087 7474927


Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin

ceithleann@gael-linn.ie

087 0578801