Thursday, 15 July 2021

Gael Linn sa Dáil - Todhchaí na gColáistí Gaeilge

Gael Linn sa Dáil - Todhchaí na gColáistí Gaeilge

Todhchaí na gColáistí Gaeilge
14 Iúil 2021
Bhí Gael Linn an-bhuíoch as an deis fianaise a thabhairt do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir le Todhchaí na gColáistí 
Samhraidh agus an tacaíocht atá á hiarraidh ina leith i gcomhar le CONCOS. I láthair ar son Gael Linn bhí Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus 
Réamonn Ó Ciaráin, Stiúrthóir Oideachais Gael Linn.
Creideann Gael Linn go bhfuil an-tábhacht go deo go mbeadh deiseanna úsáide Gaeilge ag daltaí taobh amuigh den seomra ranga agus tá réimse leathan scéimeanna ag 
Gael Linn le tacú le hobair na múinteoirí m.sh. Gaelbhratach, díospóireachtaí, agus comórtais tallainne mar Siansa, Scléip agus Coirm. Níl amhras, áfach, ach go bhfuil tréimhse 
sa Ghaeltacht ar cheann de na deiseanna is fearr is féidir a thabhairt do dhalta. 

Is féidir a rá go bhfoghlaimíonn dalta Gaeilge ar scoil ach go dtiteann siad i ngrá leis an teanga sa Ghaeltacht. 

Cé go gcaitheann an Stát suas le €5m (€4.7 m 2020) ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, meastar go ngineann na Coláistí Gaeilge suas le €60m do gheilleagar na Gaeltachta 
– sin méadú faoi deich ar a laghad. 
Ní mór don Stát oibriú i gcomhpháirt leis na Coláistí Gaeilge maidir le deiseanna úsáide Gaeilge a thabhairt do dhaoine óga atá á foghlaim sa chóras oideachais foirmiúil.
Is mithid an ciorrú a cuireadh ar Choláistí Samhraidh a aisiompú agus an deontas caipitíochta in aghaidh an dalta a thabhairt ar ais. 
Sa ghearrthéarma, tá scéim cúitimh de dhíth láithreach ar lucht eagraithe Choláistí Gaeilge mar go nglacann sé bliain iomlán Coláistí Samhraidh a sholáthar.

Ar na héilimh eile a bhí ag Gael linn bhí:
A) Creideann Gael Linn go mbeadh, ar a laghad, 500 scoláireacht do scoileanna DEIS ag teastáil le freastal fiúntach a dhéanamh ar an éileamh.
B) Ba mhór an cuidiú é scéim páirtscoláireachtaí do dhaltaí ó Thuaisceart na hÉireann ach cuireadh deireadh leis an scéim le ciorruithe eile. Ba chóir do Rialtas na hÉireann 
tacú le déagóirí ó Thuaisceart Éireann a mhealladh chun na Gaeltachta agus scéim scoláireachtaí a chur ar fáil arís mar a bhíodh i gcomhar leis na Feiseanna ó thuaidh.
C) Ní mór do pholasaithe an Stáit i leith na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sna Coláistí Gaeilge a bheith níos solúbtha agus oscailte do chur chuige nua; mar shampla, aitheantas a 
thabhairt do bhreis gearrchúrsaí le linn na scoil-bhliana. Is féidir le gearrchúrsa Gaeltachta blaiseadh a thabhairt do dhalta le cúrsa níos faide a dhéanamh ar ball. 
D) Deiseanna forbartha ‘sea cúrsaí do theaghlaigh, do dhaoine fásta agus sainchúrsaí do ghairmeacha ar leith m.sh san iriseoireacht agus san óstaíocht.
E) Tá cúiteamh chomh maith ag teastáil ó na hallaí pobail ina mbíonn na Coláistí Gaeilge á reáchtáil. Bíonn na hallaí sin ag brath ar ioncam ó na Coláistí Gaeilge lena gcuid 
billí cothabhála, árachais srl a íoc. Gan na háiseanna riachtanacha seo, ní bheadh na Coláistí in ann feidhmiú ar chor ar bith.

Mar fhocal scoir Dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, ‘Tá an taithí agus an tiomantas ag na Coláistí Gaeilge; níl uainn anois ach tacaíocht an Stáit.’