Friday, 22 October 2021

Craobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2021

Craobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2021

Craobh Díospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2021


Eagraithe i gcomhar le Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal Chonradh na Gaeilge, agus le hOireachtas na Gaeilge.


Reáchtálfar Craobh Díospóireachta Gael Linn do mhic léinn tríú leibhéal ag 5.30 i.n. ar an Aoine seo, 29 Deireadh Fómhair, mar chuid d’fhéile fhíorúil an Oireachtais. Is in Óstán Chúirt Camden ar Shráid Camden, Baile Átha Cliath 2, (Camden Court Hotel, D02 W086) a bheidh sé ar siúl. Craolfar an díospóireacht beo ar YouTube Gael Linn (cliceáil anseoagus ar www.antoireachtas.ie. Bíonn an ócáid seo ar cheann de bhuaicphointí na féile ag Oireachtas na Samhna gach bliain. Cuireann muid fáilte roimh mhuintir an phobail freastal ar an ócáid ach clárú roimh ré, le bhur dtoil. Is féidir clárú don ócáid anseo.


Tá an-áthas orainn go mbeidh an tOllamh, Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach, Foras na Gaeilge linn ar an oíche agus gurb í a bheith ina cathaoirleach ar an díospóireacht. Is é rún na bliana seo ná: ‘Tá moladh mór tuillte ag an Rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime!’.


Is iad seo a leanas na foirne a bheidh san iomaíocht agus iad ag súil leis an mbua a fháil:


Foireann A - An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (i bhfabhar)

Sinéad Ní Chúinn & Siobhán Ní Neachtain

 

Foireann B - An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (i gcoinne)

James Knoblauch & You Lai Kavanagh

 

Foireann C – Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (i bhfabhar)

Siobhán Ní Chróinín & Oisín Ó Síocháin

 

Foireann D – Coláiste na Tríonóide (i gcoinne)

Cara Nic Giolla Chomhaill & Pádraig Mac Brádaigh

 

Mar aon le gach bliain eile, beidh duaischiste iontach le gnóthú ag na foirne a thagann sa chéad áit agus sa dara háit. Fógróidh na moltóirí na buaiteoirí ar an oíche. Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times ar na buaiteoirí chomh maith le Bonn Airgid an Oireachtais agus €150 an duine. Gheobhaidh an fhoireann a thiocfaidh sa dara háit Bonn Cré-Umha an Oireachtais agus €75 an duine.

 

Bí linn Dé hAoine, 29 Deireadh Fómhair ag 5.30 i.n. d’ócáid mhór eadarcholáistí na bliana seo mar cheiliúradh ar fhéile fhíorúil an Oireachtais 2021!

 

Tuilleadh Eolais:            Tomás Rua Ó Cadhla              087 7474927