Thursday, 13 January 2022

Craobh Réigiúnach Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2022 Cúige Uladh agus Cúige Laighean

Craobh Réigiúnach Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2022 Cúige Uladh agus Cúige Laighean

Reáchtáladh Craobh Réigiúnach Chúige Uladh agus Cúige Laighean de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2022 ar an Déardaoin, 13 Eanáir in Óstán an CityNorth. Dhá dhíospóireacht a bhí ann, babhta sóisearach agus babhta sinsearach idir Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta. Bhí na foirne uile ag iarraidh áit a bhaint amach i gCraobh na hÉireann. Bhí neart cur agus cúitimh i measc na bhfoirne a bhí páirteach, agus jab an-deacair le déanamh ag na moltóirí Féilim Mac Donncha, Fergus Ó Conghaile agus Máirín Bean Uí Mhuirí.

Sa díospóireacht shóisearach phléigh scoláirí ó Ghaelcholáiste na Mara, an tInbhear Mór; Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair; Coláiste Pobail Ráth Chairn agus ó Coláiste Oiriall, Muineachán an rún: ‘Tá an bhearna idir saibhir agus daibhir ag laghdú in Éirinn’. Tar éis neart plé idir na moltóirí ar na tréithe éagsúla a bhí ag na foirne uile, roghnaíodh foireann Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair agus foireann Coláiste Pobail Ráth Chairn le dul ar aghaidh go dtí an Chraobh

Tá moladh mór tuillte ag an Rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime’ an rún a bhí faoi chaibidil sa mbabhta Sinsearach.  An t-am seo, bhí foirne ó Choláiste Pobail Ráth Chairn; Coláiste Chillian, Cluain Dolcáin; Gaelcholáiste Ceatharlach agus ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair i mbun díospóireachta.  Bhí go leor le rá ag na cainteoirí uile ar an ábhar seo. Ar deireadh, fógraíodh gurb iad foireann Choláiste Pobail Ráth Chairn agus foireann Pobalscoil Ghaoth Dobhair a rachaidh ar aghaidh chun naCraoibhe.

Bronnadh duaiseanna/plaiceanna ar na cainteoirí uile a bhí páirteach sa Chraobh Réigiúnach mar aitheantas ar a rannpháirtíocht sa chomórtas.

Mar gheall nach raibh deis slua a bheith i láthair ag an díospóireacht, rinneadh taifeadadh de agus beidh deis breathnú ar an Chraobh Réigiúnach ar cainéal YouTube Gael Linn.  

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:

Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin, 087 0578801 / ceithleann@gael-linn.ie