Tuesday, 03 May 2022

Craobh Abair in Aonach Mhacha

Craobh Abair in Aonach Mhacha

Buaiteoirí Abair 2022


Reáchtáladh Craobh Abair in Aonach Mhacha, Cathair Ard Mhacha, i mbliana. Roghnaigh iomaitheoirí á n-ábhar féin agus bhí réimse leathan de thoipicí ó athrú aeráide, CLG, Cogadh sa Úcráin, íosphá agus a thuilleadh nach iad. Cáit Ní Choirbhín (Cairde Teo) Muiris Mac Caibhéid (Iar-mhúinteoir Gaeilge), agus Meghan Mhic Thiarnáin (Gael Linn) na moltóirí a bhí ann don chraobh i mbliana;. Réamonn Ó Ciaráin (Gael Linn) a bhí ina chathaoirleach don ócáid.

 

Bhí na moltóirí iontach tógtha le caighdeán na Gaeilge. Bealach den scoth é Abair le cleachtadh a dhéanamh ar an chur i láthair do na scrúduithe GCSE/Teastas Sóisear agus A’ Leibhéal/Ardteist agus cuireann sé go mór le muinín na scoláirí sa chaint phoiblí. Tá an comórtas Abair 25 ar fhód i mbliana. Ó iarbhunscoileanna Chúige Uladh (Contae Lú ina measc) a thagann na hiomaitheoirí d’Abair. Tá Abair urraithe ag Foras na Gaeilge.

 

Ceadaítear d’iomaitheoirí labhairt ar a rogha ábhar ach an t-ábhar a bheith toipiciúil agus suimiúil. Bíonn ar gach dalta a théann ar aghaidh chuig an chraobh ábhar nua a roghnú don bhabhta sin. Bíonn 3 bhomaite ag na sóisir agus 4 bhomaite ag na sinsir. Ní raibh aon easpa éagsúlacht ábhar ag craobh-bhabhta an chomórtais i mbliana agus neart ábhar machnaimh agus grinn fosta. Bíonn 40% de na marcanna ag dul don tuairimíocht, 40% don teacht i láthair agus 20% don líofacht teanga.

 

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Gael Linn, ‘Eochair-scil í an chaint phoiblí agus tuigeann Gael Linn go bhfuil gá le deis a bheith ag foghlaimeoirí na Gaeilge faobhar a chur lena scileanna cumarsáide. Is cinnte go spreagann an chomórtasaíocht daltaí le barr feabhais a bhaint amach. Cuidíonn Abair le daltaí iad féin a ullmhú níos fearr don chur i láthair a bhíonn le déanamh acu sna scrúduithe.’ 

 

Buaiteoirí Abair 2022

 

Roinn A 
1 áit - Rós Ní Chonchúir - Coláiste Mhuire, Dún Dealgáin

2 áit - Dáthí Mac Clúin - Coláiste Mhuire, Dún Dealgáin

 

 

Roinn B 

1 áit - Ashley Nic Giolla Cheara - Coláiste Feirste

2 áit - Lucy Nic Eoin - Scoil Iósaef, An Domhnach Mór

 

Roinn C 
1 áit - Katy Morgan - Scoil an Chroí RóNaofa, An tIúr
2 áit - Aodh Mac Murchaidh - Scoil na Mainistreach, An tIúr

 

Roinn D 
1 áit - Ebony Nig Bhriain - Coláiste Feirste
2 áit - Ciara O’Gara - Scoil Iósaef, An Domhnach Mór