Comórtas Podchraoladh Gael Linn 2022!
Bhí an-áthas ar Gael Linn an Comórtas Podchraoladh a reáchtáil arís i mbliana. Is comórtas do dhaltaí iar-bhunscoile é seo atá dírithe ar dhaltaí na hidirbhliana go príomha. Tá sé an-oiriúnach mar ábhar tionscnaimh do na daltaí. Tá dhá rannóg sa gcomórtas: Rannóg A – d’iar-bhunscoileanna a ndéantar teagasc i nGaeilge iontu agus Rannóg B –d’iar-bhunscoileanna nach ndéantar teagasc i nGaeilge iontu. Tugadh deis d’iomaitheoirí an chomórtais podchraoltaí a mhair idir 15 agus 20 nóiméad a chuir le chéile agusa sheoladh chuig Gael Linn. Ansin, d’éist moltóirí an chomórtais, na craoltóirí aitheanta Áine Hensey agus Cathal Póirtéir leis na cláir agus chuir siad aiseolas ar fáil ar gach iontráil chomh maith leis na buaiteoirí a roghnú.
Bhí an-tóir ar chomórtas na bliana seo idir na rannóga uile. Dúirt Mairéad Ní Neachtain, Riarthóir an Chomórtais, go bhfuil comórtas den chineál seo thar a bheith tábhachtach do dhaoine óga an lae inniu mar go dtugann sé deis dóibh tabhairt faoi thionscnamh a thugann blaiseadh dóibh ar shaol an léiritheoireacht agus an craolachán. ‘Tá an-éileamh ar phodchraoltaí sa saol atá inniu ann – podchraoltaí Gaeilge ach go háirithe, lena leithéidí ‘Podchraoladh na Gaelgals’, ‘Beo ar Éigean’, ‘Na Seansálaithe’ agus go leor eile a bhfuil cáil ar leith bainte amach acu. Cé go bhfuil an comórtas seo nua go leor ar an bhfód, tá muid ag feiceáil go bhfuil sraith podchraoltaí scoile atá ar ardchaighdeán ag teacht tríd an chomórtas agus is iontach an rud é go bhfuil siad ag coinneáil orthu ag forbairt na scileanna atá foghlamtha acu’.
Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais beo ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá á chur i láthair ag Áine Ní Bhreisleáin ar an Déardaoin, 5 Bealtaine (éist anseo). B’iad moltóirí an chomórtais a d’fhógair na buaiteoirí agus mhol siad gach a chuir isteach ar an gcomórtas as na stíleanna éagsúla a bhí acu agus an ardchaighdeán a bhí leis na bpodchraoltaí uile.
Fógraíodh buaiteoirí ar gach rannóg agus fógraíodh duaiseanna náisiúnta ar na hiarracht ab fhearr as na hiontrálacha ar fad, is cuma cén rannóg ina raibh sé. Is iad Scoil na Maighdine Muire in Iúir Chinn Trá a thug leo an duais mhór - €1,000 agus Trófaí Gael Linn – don chéad áit náisiúnta. ‘Dordán’ an t-ainm a bhí ar a bpodchraoladh. Is iad Aoife Nic Gabhann agus Brenna Ní Bhróin a bhí i mbun an chláir agus chuir siad an píobaire aitheanta Tiarnán Ó Dúinnchinn arbh as Muineachán ó dhúchas dó faoi agallamh.
Is iad seo buaiteoirí Chomórtas Podchraoladh Gael Linn 2022:
RANNÓG A
D’iar-bhunscoileanna a ndéantar teagasc i nGaeilge iontu
An Chéad Áit: €300
Coláiste Croí Mhuire, An Spidéal
‘Agallamh le Mairéad Ní Nuadháin’
An Dara hÁit: €200
Coláiste Croí Mhuire, An Spidéal
‘Agallamh le Jimmy Joe Shéamuis’
An Tríú hÁit: €100
Coláiste Croí Mhuire, An Spidéal
‘Agallamh le Peadar Mac an Iomaire’
RANNÓG B
D’iar-bhunscoileanna nach ndéantar teagasc i nGaeilge iontu
An Chéad Áit: €300
Meánscoil na nUrsalach, Durlas
‘Cailíní Craiceáilte ar cheol’
An Dara hÁit: €200
Coláiste Choill Chluana Gabhann
‘Scéalta Mara ó Chorca Dhuibhne’
An Tríú hÁit: €100
Coláiste Iosaif, Leamhcán
‘Óstán Uafáis’
DUAIS NÁISIÚNTA
(is cuma cén rannóg ina bhfuil siad)
An Chéad Áit: €1,000
Scoil na Maighdine Muire, Iúir Chinn Trá
‘Dordán’
An Dara hÁit: €600
Coláiste Cholmcille, Indreabhán
‘Agallamh le hÁine Ní Dhubhghaill’
An Tríú hÁit: €400
Pobalscoil Ghaoth Dobhair
‘Cúl Chaint’
Agus é ag caint ar an gclár ‘Bladhaire’ ghlac Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn, buíochas leis na múinteoirí agus na scoláirí as an méid oibre a chuir siad isteach in iontrálacha an chomórtais, rud a bhíonn ar ardchaighdeán acu i gcónaí. ‘Tuigeann muid leis an 20 nóiméad a fhaigheann muid mar iontráil ar an gcomórtas go bhfuil i bhfad níos mó ama taobh thiar de ó thaobh ullmhúcháin, taifeadadh agus eagarthóireacht’.
Ba mhaith le Gael Linn comhghairdeachas a dhéanamh le buaiteoirí an chomórtais. Gabhann muid buíochas speisialta le hÁine Hensey agus le Cathal Póirtéir a bhí ina moltóirí ar an gcomórtas arís i mbliana agus le Bladhaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta as a dtacaíocht leanúnach don chomórtas. Gabhann muid buíochas chomh maith le Foras na Gaeilge as a n-urraíocht ar an gcomórtas.
Tuilleadh eolais: Mairéad Ní Neachtain, maireadn@gael-linn.ie / 087 3593957