Tháinig daltaí ó scoileanna iar-bhunleibhéal ar fud na tíre le chéile ag ócáid bhronnta Gaelbhratach ar Champas Phádraig DCU i mBaile Átha Cliath, ar an Mháirt, 17 Bealtaine. Is mar aitheantas ar son na hoibre a rinne siad le linn na bliana chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid scoileanna a bronnadh na bratacha ar na scoileanna. Ócáid spraíúil shóisialta a bhí ann do dhaltaí ó choistí Gaelbhratach na tíre chun bualadh le chéile, sult a bhaint as ceol agus damhsa le chéile, agus blaiseadh a fháil de shaol na Gaeilge taobh amuigh den saol scoile trí cheardlanna agus plé painéil le cuid iar-dhaltaí Gaelbhratach.
Bhronn Caoimhe Ní Chathail, láithreoir agus iriseoir le BBC Blas agus le Raidió Fáilte, agus Jamie Ó Flannúra, bainisteoir Raidió Rí-Rá, na bratacha ar scoileanna na scéime. Chuir Jamie an plé painéil i láthair, ag díriú ar na deiseanna agus na féidearthachtaí a bhaineann le saol trí Ghaeilge tar éis na scoile in éineacht le Barry Ó Siochriú, an chéad oifigeach Gaeilge lánaimseartha in Aontas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh; Mairidh Nic Cormaic, bunaitheoir Sew It Seams; Mícheál Ó Nualláin, bainisteoir Baile Átha Cliath le Gaeilge; agus Caoimhe Ní Chathail.
Ag labhairt di ag an mbronnadh, mhol Edel Ní Bhraonáin, Comhordaitheoir Tionscadail Gaelbhratach le Gael Linn, na scoileanna ar fad as an obair a rinne siad i mbliana. “Níl sé éasca Gaelbhratach a ghnóthú le linn gnáth-scoilbhliana – gan trácht ar na cúinsí eisceachtúla agus leis an éiginnteacht a bhain leis an mbliain seo. Táimid an-mhórálach as na daltaí agus as na múinteoirí as an obair iontach atá déanta acu ina ainneoin sin.”
“Gabhaim buíochas le Conradh na Gaeilge agus le Glór na nGael as a dtacaíocht leis an scéim go dtí seo. Táimid ar an bhfód ó 2013 i leith, agus tá fuinneamh úr le fáil ag foireann na scéime go fóill as na bealaí cruthaitheacha éagsúla a gcuireann na scoileanna páirteacha an Ghaeilge chun cinn,” a dúirt sí.
Ag labhairt di an mbronnadh, dúirt Mairidh Nic Cormaic, bunaitheoir Sew it Seams: “Lá iontach a bhí ann idir an painéal cainte, an bronnadh, agus an chraic ‘s ceol. Ceapaim go bhfuair na daltaí léargas maith ar an dtábhacht atá le bheith páirteach i gcoistí pobail amhail an Coiste Gaelbhratach agus na deiseanna a thugann an teanga dúinn,” a dúirt sí.
“Thug an Coiste Gaelbhratach go leor muinín dom, agus fuair mé níos mó arís ó shaol na Gaeilge go ginearálta – nuair a thosaigh mé mo chomhlacht féin, bhí sé sin an-chabhrach. Agus gan dabht ar bith, is scéim iontach é Gaelbhratach a spreagann grá don teanga i measc daoine óga.”
Tá an scéim Gaelbhratach á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Thug Feidhmeannach Foras na Gaeilge, Caitlín Ní Chonghaile, agus Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, píosa cainte mar chuid den ócáid. Mhol siad beirt na múinteoirí a spreag na daltaí ina gcuid iarrachtaí chun Gaelbhratach a ghnóthú, chomh maith leis an gcomhoibriú idir na heagrais éagsúla atá ag plé leis an scéim.
Tuilleadh Eolais:
Edel Ní Bhraonáin
087 2157720
edel@gael-linn.ie