Wednesday, 15 June 2022

Slis den Saol Seolta


 

Dfhoireann Gael Linn i gCúige Uladh agus don phobal ó thuaidh a thug tacaíocht do Gael Linn thar na blianta a thíolaic Pádraig Ó Baoighill a leabhar is úire, Gael Linn i gCúige Uladh: Slis den Saol - 1953 - 1970.

 

Thosaigh an t-údar ag obair le Gael Linn i mBaile Átha Cliath i Mí na Bealtaine 1953, i ndiaidh gearr-thréimhse múinteoireachta. I nDeireadh Fómhair 1954, ceapadh mar Bhainisteoir Gael Linn i gCúige Uladh é. Chaith sé sé bliana déag ag stiúradh Gael Linn ón oifig in Ard Mhacha. Bhí suim ag an phobal i gcur chun cinn na Gaeilge agus bhí Gael Linn mar rionad eolais do neartú na Gaeilge i gCúige Uladh ag an am. De bharr méadú na ballraíochta, bhí Gael Linn ábalta scéimeanna, scoláireachtaí, drámaíocht agus scéimeanna cultúrtha a thabhairt chun cinn. Spreag sé sin an pobal le níos mó tacaíochta a thabhairt don eagras sna 60í agus sna 70í. 

 

Agus é ag seoladh an leabhair úir, thagair Antoin Delap, Cathaoirleach Grúpa Uladh Gael Linn, don phríomh-théama: Gael Linn i gCúige Uladh agus luaigh sé go raibh cuntas contae ar chontae sa chúige ar imeachtaí Gael Linn. Luaigh sé mion-bheathaisnéisí ar mhór phearsana na heagraíochta a bheith sa chuid deiridh den fhoilseachán. Bhí cuimhní pearsanta ag Delap ar Leon Ó Clumháin (An Breitheamh Len Clifford), mar shampla, a chuir tús le Bingo Gael Linn i bPictiúrlann an Magnet i Muineachán. Rinn Delap plé ansin le téama eile sa leabhar mar atá stair Gael Linn go náisiúnta agus thug  cur síos ar na tionscadail déantúsaíochta agus scannánaíochta a d’fhorbair Gael Linn; Teach Ósta John Devoy i mBaile Eoin, tionscail cniotáilte agus bréidpróiseáil iasc agus an scannán Christy Ring m.sh. Bé an tríú téama a shruthaíonn fríd an leabhar, dar Delap, dírbheathaisnéis an údair é féin, ina bpléitear a chuid scolaíochta, a chuid laethanta peile, an tionchar grámhar a bhí ag a bhean, Geraldine, ar a shaol, an bhaint a bhí aige le feachtas Scoil Náisiúnta Rann na Feirste, na poist éagsúla a bhí aige agus a chéim oinigh dochtúireachta.

 

‘Murab ann don leabhar breá seo ag Pádraig, tá baol ann go ligfí i ndearmad cuid den eolas luachmhar atá sa leabhar seo. Tá an leabhar críochnúil cuimsitheach agus tá an iliomad ábhar ann agus é maisithe go deas le lear mór grianghraf álainn,’ a dúirt Delap.

 

 

Máirín Uí Fhearraigh, as Gaoth Dobhair agus a shuíonn ar Bhord Gael Linn a bhí ina bean tí don ócáid seolta in Aonach Mhacha, Cathair Ard Mhacha, agus bhí an méid seo le rá aici, ‘Is seoid í an leabhar seo ó pheann Phádraig. Bhain mé féin sult ar dóigh as an leabhar seo a phiocadh suas anois ‘s arís agus a léamh le tamall anuas. Tréaslaím a shaothar leis.’ 

 

Rinne Cathaoirleach Gael Linn, Pádhraic Ó Ciadhra, suimiú foirfe ar shaothar An Bhaoilligh ar bhrollach an leabhair: ‘Tá Pádraig ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge is bisiúla dá bhfuil ann; ó chuaigh sé ar scor i 1990, seo an tríú leabhar ar fhichead atá scríofa aige, bail ó Dhia air.’ 

 

Bhronn Ollscoil Uladh Dochtúireacht Oinigh ar Phádraig as a shaothar ar son na Gaeilge mar údar agus mar ghníomhaí Gael Linn. Ba dheas mar sin go raibh an tOllamh Séamus Mac Mathúna ó Ollscoil Uladh tráth i láthair ag an ócáid. Tá Pádraig aitheanta chomh mór sin le Gael Linn go dtugtar Pádaí Gael Linn air go coitianta agus is maith mar sin go bhfuil an taifead dílis seo againn uaidh. 

 

Agus é ag caint é féin ag an ócáid, ghabh Pádraig Ó Baoighill buíochas lena theaghlach, a bhean chéile, Geraldine, nach maireann, le foireann mhór Gael Linn thar na blianta agus le hAntoine Ó Coileáin, iar-phríomhfheidhmeannach Gael Linn, agus le Máire Harris as a cuidiú. Ghabh sé buíochas ar leith le Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach reatha Gael Linn a chuidigh go mór leis an togra seo a chur i gcrích.

 

Tá Gael Linn i gCúige Uladh: Slis den Saol - 1953 - 1970 foilsithe ag Gael Linn.