Friday, 17 June 2022

Folúntas - Oifigeach Feidhmiúcháin

Folúntas - Oifigeach Feidhmiúcháin

Oifigeach Feidhmiúcháin, Gael Linn

Próifíl an Phoist:

Beidh an tOifigeach Feidhmiúcháin freagrach go príomha as eagrú scéimeanna oideachasúla de chuid Gael Linn i gcomhar leis an mBainisteoir.

Cáilíochtaí Riachtanacha:

-      Líofacht Gaeilge agus Béarla idir labhairt agus scríobh

-      Eolas agus tuiscint ar earnáil na Gaeilge

-      Ardscileanna ríomhaireachta agus taithí ar na meáin sóisialta

-      Cumas obair as a stuaim féin agus obair mar bhall d’fhoireann

-      Scileanna agus taithí bhainistíocht thionscadail agus scileanna cumarsáide

-      Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr.

Ar na freagrachtaí tá:

-      Réamhphleanáil agus gach socrú a dhéanamh ar imeachtaí de chuid Gael Linn ar nós babhtaí díospóireachta, réamhbhabhtaí agus Craobh Scléip, Féilte Peile do bhunscoileanna, féilte Coirm, imeachtaí don 3ú leibhéal srl.

-      Bheith gníomhach ar na meáin shóisialta agus ar shuíomh gréasáin Gael Linn.

Sprioc le haghaidh iontrála:  1 Iúil 2022


Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2  Beidh an tuarastal ar ráta Oifigeach Feidhmiúcháin, ciorclán 19/2021, céad pointe: €31,384

Tuilleadh Eolais - Máire Harris, maireh@gael-linn.ie, nó ag oifig Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.

Foras_na_Gaeilge_Logo_1_4_Mor_Le_tacaiocht_o_th - Foras Na Gaeilge