*English version below*
Tá ríméad ar Gael Linn, Aniar TV agus TG4 albam digiteach bunaithe ar shraith rathúil teilifíse den ainm céanna Bláth na hÓige a eisiúint. Tá traidisiún na hamhránaíochta sean-nóis ina chuid bhunúsach d’oidhreacht cheoil na hÉireann. Ó chroílár an chultúir Ghaelaigh a thagann an traidisiún bríomhar béil seo. Tháinig ochtar amhránaithe den chéad scoth le chéile faoi stiúir an amhránaí/cheoltóra chlúitigh Síle Denvir, a bhfuil Gradam Ceoil TG4 2023 buaite aici, i gcomhar leis an veidhleadóir iomráiteach Colm Mac Con Iomaire, i Stiúideo Cuan i gConamara. Ag tréimhse speisialta ina saol ceolmhar chaith na ceoltóirí seal le chéile ag comhoibriú agus ag athmhúnlú an traidisiúin lena dtuiscint féin ar an sean-nós a chur ar fáil. As an tearmann cruthaíochta seo a d’eascair Bláth na hÓige.
Taifeadadh an t-albam nuálach seo beo-sa-stiúideo agus cuimsíonn sé áilleacht agus doimhneacht thraidisiún shean-nós na linne. Léiríonn na traiceanna plúr na gceoltóirí óga agus iad go mór ag iarraidh cuisle phreabach úrnua a chur in oidhreacht na hamhránaíochta Gaeilge.
Tá oirfidigh iontacha ó na ceithre chúige le cloisteáil ar Bláth na hÓige: Séamus Ó Flatharta, Caoimhe Ní Fhlatharta, Máire Ní Churraoin, Étáin Ní Churraoin, Cathal Ó Curráin, Méabh Ní Bheaglaoich, Piaras Ó Lorcáin, Megan Nic Ruairí, Colm Mac Con Iomaire agus Síle Denvir.
Ar na príomhardáin dhigiteachta a bheidh teacht ar Bláth na hÓige ar lipéad clúiteach Gael Linn https://lnk.fu.ga/blathnahoige
Tuilleadh eolais: eolas@aniartv.ie nó reamonn@gael-linn.ie
Creidiúintí an albaim le fáil thíos
Gael Linn, Aniar TV and TG4 are delighted to release Bláth na hÓige, a digital album based on the TG4 programme of the same name. The Irish language sean-nós song tradition is an integral part of Ireland's musical and cultural heritage. This vibrant oral tradition comes from the very heart of the Gaelic world. The hugely successful TG4 series features eight young singers at an emergent point of their musical lives. They collaborate under the musical direction of acclaimed sean-nós singer and musician Síle Denvir, 2023 recipient of Gradam Ceoil TG4, and the illustrious fiddle player Colm Mac Con Iomaire, at Stiúideo Cuan in Connemara, to develop their own understanding of the sean-nós tradition. Bláth na hÓige emerged from this creative retreat.
A ground-breaking album, it was recorded live-in-studio and demonstrates the beauty and depth of Ireland’s sean-nós tradition. Bláth na hÓige features some of the finest young musicians and singers who are intent on breaking musical moulds to reinvigorate and reimagine an essential aspect of their Gaelic culture.
The four provinces of Ireland are represented on Bláth na hÓige. It features the following superb performers: Séamus Ó Flatharta, Caoimhe Ní Fhlatharta, Máire Ní Churraoin, Étáin Ní Churraoin, Cathal Ó Curráin, Méabh Ní Bheaglaoich, Piaras Ó Lorcáin, Megan Nic Ruairí, Colm Mac Con Iomaire and Síle Denvir.
Bláth na hÓige will be available on most digital platforms on the renowned Gael Linn label from https://lnk.fu.ga/blathnahoige
Further Information from: eolas@aniartv.ie or reamonn@gael-linn.ie
ALBUM CREDITS | CREIDIÚINTÍ ALBAIM
Musicians / Ceoltóirí
Colm Mac Con Iomaire: Fidil / Fiddle
Síle Denvir: Amhránaíocht, cláirseach/ Vocals, harp
Séamus Ó Flatharta: Amhránaíocht, cláirseach, bodhrán / Vocals, harp, bodhrán
Caoimhe Ní Fhlatharta: Amhránaíocht, fidil / Vocals, fiddle
Máire Ní Churraoin: Amhránaíocht / Vocals
Étáin Ní Churraoin: Amhránaíocht / Vocals
Cathal Ó Curráin: Amhránaíocht, bouzouki, fidil/ Vocals, bouzouki, fiddle
Méabh Ní Bheaglaoich: Amhránaíocht, bosca ceoil, bouzouki, harmonium / Vocals, accordion, bouzouki, armóin
Piaras Ó Lorcáin: Amhránaíocht, bouzouki, bodhrán/ Vocals, bouzouki, bodhrán
Megan Nic Ruairí: Amhránaíocht, piano, harmonium / Vocals, piano, armóin
Song Credits/ Teidil chreidiúna
Tracks 1, 2, 4, 5, 6, 7, 9, 10, 11 trad. arranged by Bláth na hÓige / Traiceanna 1, 2, 4, 5, 6, 7, 9, 10, 11 Traidisiúnta, cóirithe ag Bláth na hÓige
Track 3 ‘Seoltaí Geala’ Comp. Proinsias Ó Maonaigh / Traic 3 ‘Seoltaí Geala’ Cum. Proinsias Ó Maonaigh
Track 8 ‘Slán Leat’ Comp. Eilín Ní Bheaglaoich / Traic 8 ‘Slán Leat’ Cum. Eilín Ní Bheaglaoich
Track 12 ‘Amhrán na nGael’ Comp. Méabh Ní Bheaglaoich / Traic 12 ‘Amhrán na nGael’ Cum. Méabh Ní Bheaglaoich
Label / Lipéad: Gael Linn
Produced by / Léirithe ag: Aniar & Síle Denvir
Recorded in / Taifeadta i: Stiúideo Cuan, An Spidéal
Recorded by / Taifeadta ag: Jack Warnock
Mixed and mastered by / Measctha agus máistrithe ag: Ciarán Byrne
Design / Dearadh: Highwire