Bainisteoir Chúige Uladh Ceaptha ag Gael Linn
Tá áthas ar Bhord Gael Linn fógairt go bhfuil Meghan Ní Raifeartaigh ceaptha sa ról mar Bhainisteoir Gael Linn i gCúige Uladh. D’oibrigh Meghan le Gael Linn don chéad uair in 2011 nuair a bhí sí ar thaithí oibre ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. I ndiaidh di a céim a bhaint amach chaith sí roinnt blianta ag obair san Astráil.
Ar philleadh di sa bhliain 2015, thosaigh Meghan ag obair mar Fheidhmeannach Oideachais agus Bainisteoir ar Choláiste Bhun an Inbhir le Gael Linn.
‘Creidim go mór i luachanna Gael Linn,’ a dúirt Meghan. ‘Agus mé ag fás aníos bhíodh ceangal i gcónaí ag Bunscoil na mBráithre Críostaí i gCathair Ard Mhacha le scéimeanna Gael Linn: Feis Ard Mhacha, Coirm Gael Linn, Féile Peile Gael Linn srl. Thuig mé ag an am sin go raibh tábhacht ag baint leis an obair a dhéanann Gael Linn anseo i gCúige Uladh agus ar fud na tíre.’
Bhunaigh Gael Linn oifig i gCathair Ard Mhacha in 1960. Is as oifig Ard Mhacha a reáchtáiltear scéimeanna uile Gael Linn i gCúige Uladh. In 2020 bhog Gael Linn isteach go hAonach Mhacha.
‘Bainim an-sult as éagsúlacht obair Gael Linn agus is breá liom a bheith i dteagmháil le daoine eile ar spéis leo an Ghaeilge agus a hoidhreacht,’ arsa Meghan.
Ag cur fáilte roimh cheapachán Meghan ina ról úr, dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, ‘Cuirfidh an taithí agus na scileanna atá ag Meghan go mór le cur chun cinn aidhmeanna Gael Linn i gCúige Uladh. Guím gach rath uirthi agus í ag tabhairt faoin ról sinsearach seo san eagraíocht.’
Rugadh agus tógadh in Ard Mhacha Meghan agus tá nasc láidir aici le scoileanna sa cheantar agus ar fud an chúige. Imríonn sí camógaíocht le Cumann Naomh Bríde agus baineann sí sult as a bheith páirteach in imeachtaí taobh amuigh faoin aer. Tá beirt pháistí ag Meghan, Lúa agus Ára.
Bhí Meghan ar dhuine de na páistí a bhí sa chéad bhliain den Ghaelscolaíocht i gCathair Ard Mhacha; Naíscoil agus Bunscoil Ard Mhacha agus ansin i Sruth na Gaeilge i gColáiste Chaitríona. Is maith léi, mar sin, tacaíocht a thabhairt do agus comhairle a chur ar thuismitheoirí eile atá idir dhá chomhairle faoi aistear an ghaeloideachais a roghnú.
‘Tá mé ag dúil go mór le deiseanna agus dualgaisí úra mar Bhainisteoir Chúige Uladh agus a bheith ag tacú le mo chomhghlacaithe oiread is féidir,’ ar sí.
Regional Manager for Ulster Appointed by Gael Linn
Gael Linn Board is pleased to announce the appointment of Meghan Ní Raifeartaigh to the role of Regional Manager for Ulster. Meghan initially worked with Gael Linn in 2011 while on placement from Saint Mary’s University College, Belfast. After graduating she spent some years working in Australia.
On her return in 2015, Meghan took up the position as Educational Executive and Manager of Bun an Inbhir College with Gael Linn.
‘I believe deeply in the Gael Linn values,’ said Meghan. ‘When I was young, Bunscoil na mBráithre Críostaí was always taking part in Gael Linn events: Feis Ard Mhacha, Coirm Gael Linn, Féile Peile Gael Linn srl. I realised back then how important Gael Linn’s work was here in Ulster and throughout the country.’
Gael Linn first set up an office in Armagh City in 1960 out of which all Gael Linn’s activities in Ulster are organised. In 2020 the organisation relocated to Aonach Mhacha, the state of the art cultúrlann in the city.
‘I really enjoy the variety of working with Gael Linn and also meeting others who share my love for the language and its heritage,’ said Meghan.
Welcoming her appointment, Pádhraic Ó Ciardha, Chairman of Gael Linn, said, ‘Meghan’s experience and skills will add greatly to advancing Gael Linn’s aims in Ulster. I wish her every success in taking on this senior role within the organisation.’
Meghan was born in Armagh City and has strong links with schools there and throughout the province. She plays for St. Brigid’s Camogie Club and enjoys participating in outdoor activities. Meghan has two children, Lúa and Ára.
Attending Naíscoil & Bunscoil Ard Mhacha and Saint Catherine’s College Irish Medium Stream, Meghan was one of the first children to receive Irish Medium Education in Armagh City. It is because of this that Meghan likes to offer support and advice to other parents about to embark on the Irish Medium Education journey with their children.
‘I am really looking forward to new responsibilities and opportunities as Regional Ulster Manager and supporting my colleagues as much as possible.’