Thursday, 10 August 2023

Mairéad Ní Thiománaigh atá ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide agus Riaracháin ag Gael Linn

Mairéad Ní Thiománaigh atá ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide agus Riaracháin ag Gael Linn

(English Translation Below)

Cúis áthais do Bhord Ghael Linn a fhógairt go bhfuil Mairéad Ní Thiománaigh ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide agus Riaracháin ag an eagraíocht. Ag fáiltiú dó roimh cheapachán Uí Thiománaigh, dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn: ‘Tréaslaím a ceapachán le Mairéad. Tá tuiscint agus taithí ag Mairéad a rachaidh go mór chun tairbhe di agus do Gael Linn agus í ag tabhairt faoin ról dúshlánach seo. Tá an cumas agus an tiomantas aici chuige.’ 

 
Thosaigh Mairéad ag obair le Gael Linn i Mí Feabhra 2017 mar Oifigeach Tionscadail Gaelbhratach agus ó Mhí Lunasa 2020, tá sí ina bainisteoir ar Gaelbhratach. Rugadh agus tógadh Mairéad in Eanaigh Gheala , Co. Mhuineacháin. D’fhreastail sí ar Mheánscoil Mhuire, Baile na Lorgain. Bhain sí céim onórach amach sa Ghaeilge/Fhraincis in Ollscoil na hÉireann, Mhaigh Nuad (2012) chomh maith le céim mháistreachta sa Léann Aistriúcháin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (2014). 

 
Tá Mairéad ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois. Tá sí pósta ar Andrew agus tá beirt clainne orthu. Tá suim mhór ag Mairéad sa CLG agus imríonn sí peil le Cumann na bhFánaithe, Baile Baodáin.  

 
Agus í ag trácht ar an dúshlán nua, dúirt Ní Thiománaigh: ‘Tá mé ag dúil go mór le mo ról nua in eagraíocht atá chomh clúiteach le Gael Linn agus cur leis an obair cheanródaíoch atá déanta acu le breis agus seachtó bliain anuas. Tá foireann dhíograiseach agus chumasach ag obair le Gael Linn agus le Gaelbhratach agus tá mé ag súil le bheith ag comhoibriú leo uilig i mo ról nua mar Bhainisteoir Cumarsáide agus Riaracháin le spriocanna Gael Linn agus Gaelbhratach a bhaint amach.’ 

 
Tosóidh Mairéad ina ról nua ar 11 Meán Fómhair.  

 

Tá Gael Linn ar cheann de na sé cheanneagraíocht atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. 

 

 

 

 

Mairéad Ní Thiománaigh appointed as Manager of Communications and Administration by Gael Linn 

 

The Board of Gael Linn is pleased to announce that Mairéad Ní Thiománaigh has been appointed to the role of Manager of Communications and Administration by Gael Linn. Welcoming her appointment, Gael Linn’s Chairman, Pádhraic Ó Ciardha, said, ‘I congratulate Mairéad on her achievement. She possesses the knowledge and experience which will enable her to excel in this challenging role with Gael Linn. Mairéad has both the capability and the dedication to succeed.’ 

 

Mairéad began working with Gael Linn in February 2017 as Project Officer with Gaelbhratach and since August 2020, she has been serving as national Manager of Gaelbhratach. Born in Annyalla, Co. Monaghan, she attended Our Lady’s Secondary School in Castleblaney. Mairéad graduated from NUI Maynooth with a first-class honours in Irish and French (2012) after which she achieved a Masters in Translation Studies from UCD (2014). 

 

Mairéad is married to Andrew and they have two children. They live in Dublin. Mairéad is an avid GAA member and plays football with Wanderers GAA Club, Ballyboden. 

 

Speaking about the new challenges facing her, Ní Thiománaigh said: ‘I am looking forward to my new role with such a highly respected organisation as Gael Linn which has been carrying out its groundbreaking work for 70 years now. Gael Linn and Gaelbhratach have a dedicated and highly capable team and I am eager to work with them all as Manager of Communications and Administration to achieve the objectives of both Gael Linn and Gaelbhratach. 

 

Mairéad takes up her new appointment on 11th September. 

 

Gael Linn is one of six lead organisations core-funded by Foras na Gaeilge.