Wednesday, 18 October 2023

Buaiteoirí Comórtas Tráchtaireachta Gael Linn 2023

Buaiteoirí Comórtas Tráchtaireachta Gael Linn 2023

Buaiteoirí Comórtas Tráchtaireachta Gael Linn 2023

 i gcomhar le Nemeton Teoranta agus le CLG Páirc an Chrócaigh

 

Cuireann Gael Linn deis iontach ar fáil do na daltaí ar fad amuigh ansin a dtráchtaireacht féin a chur ós comhar an phobail trí pháirt a ghlacadh i gComórtas Tráchtaireachta Gael Linn! Comórtas aonarach atá anseo agus tá dhá rannóg sa gcomórtas: Sóisear, do dhaltaí bunscoile agus Sinsear, do na ranganna sraith shóisearach/GCSE agus na hardteistiméireachta/A leibhéal, an t-idirbhliain san áireamh.

 

Cuireadh físeáin ar fáil, nach raibh aon fhuaim orthu, i gcomhar le Nemeton Teoranta, an comhlacht léiriúcháin teilifíse a bhíonn i mbun craolta ar chluichí CLG, agus le hOifigeach na Gaeilge an CLG, Jamie Ó Tuama. Ba míreanna ó Chroabh Iomána na gClub 2022 idir Baile Mhic Gunair agus na Seamróga Baile hÉil; Leath-Chraobh Peile na hÉireann 2022 idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí agus Ceathrú-Chraobh LGFA na hÉireann 2022 idir An Mhí agus an Gaillimh a cuireadh ar fáil agus bhí an cinneadh ag na daltaí cé acu cluiche a dhéanfadh siad tráchtaireacht orthu. Cuireadh ainmneacha na n-imreoirí ar fáil ach fágadh faoin dtráchtaire a thráchtaireacht féin a thaifeadadh, bunaithe ar an aicsean a tharla sa 10 nóiméad deireanach sin / 5 nóiméad deireanach dóibh siúd atá cláraithe sna Sóisear (Bunscoileanna).

 

Bhí ocáid bronnta i bPáirc an Chrócaigh le déanaí agus ba iad na tráchtairí aitheanta Máire Ní Bhraonáin, Dara Ó Cinnéide, Liam Mac a’ Mhaoir agus Macdara Mac Donncha a bhí i mbun moltóireacht ar chomórtas agus is iad a d’fhógair buaiteoirí an chomórtais. Bhí duaischiste iontach le baint amach sa gcomórtas agus is iad seo na buaiteoirí a leanas:

 

Is í Shíofra Ní Scanláin – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe a thug léi príomhdhuais an chomórtais:

 

      Seic ar €500

      Seal a chaitheamh i mbosca tráchtaireachta TG4 ag cluiche le linn 2024

      4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide

      5 thicéad iontrála chuig cluiche sraithe peile nó iománaíochta 2024 de rogha an bhuaiteora

Chomh maith leis sin, bronnadh duaiseanna ar an trí iarracht is fearr sa dhá rannóg. Thug Cecilia Henderson as Gaelscoil an Chuilinn, Baile Atha Cliath 15 léi an chéad áit i Rannóg na Sóisear agus ba í Ciara Ní Mhainín as Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe a thug léi an chéad áit na Sinsear. Gheobhaidh an bheirt acu na duaiseanna seo:

 

      Seic ar €200

      4 thicéad do mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide

      5 thicéad iontrála chuig cluiche sraithe peile nó iománaíochta 2024 de rogha an bhuaiteora

Is iad Cian Ó Murchú (Sóisear), as Gaelscoil an Chuilinn, Baile Atha Cliath 15 agus Eoin Ó Neachtain (Sinsear), as Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe a thug leo duaiseanna an dara háit agus gheobhaidh siad:

 

      Seic ar €100

      4 thicéad do mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide

      5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2024 de rogha an bhuaiteora

Bronnadh duaiseanna an tríú háit ar Senan Mac Aodh (Sóisear) ó Scoil Éinne, An Spidéal, Co. na Gaillimhe agus is í Eimear Hanley as Coláiste Naomh Aingeal, Corcaigh a bhain an duais Sinsear amach. Gheobhaidh siad:

 

      Seic ar €50

      5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2024 de rogha an bhuaiteora

Tá Gael Linn fíor bhuíoch do Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar an gComórtas seo, do Nemeton TV atá lárnach i dtaobh an príomh dhuais a eagrú agus na míreanna físe a cur ar fáil, dár chuid moltóirí a spreagann na daltaí chun páirt a glacadh agus do Jamie Ó Tuama agus foireann CLG/Páirc an Chrócaigh a cabhríonn linn i gcónaí.

 

CRÍOCH

 

Tuilleadh eolais:

Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna Gael Linn

tomasrua@gael-linn.ie / 087 7474927