Wednesday, 24 January 2024

Bonn Óir Seán Ó Riada

Bonn Óir Seán Ó Riada
Beidh 15 iomaitheoir san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada i gCorcaigh ar an 26 Eanáir. Is í an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin an dá uirlis a bheas an comórtas dírithe air i mbliana. Craolfar an chraobh beo ar Cuireadh chun Ceoil ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh ag 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Bergin, An tUrramach Gary Hastings agus Conal Ó Gráda a bheas i mbun moltóireachta i mbliana. Gheobhaidh an buaiteoir an Bonn Óir, deartha ag Niamh Utsch, agus €2500. Beidh costas €10 ar an doras dóibh siúd ar mhaith leo freastal ar an ócáid i gCorcaigh, agus beidh sé le feiceáil beo ar leathanach Facebook Cuireadh Chun Ceoil.

Is iad na hiomaitheoirí i mbliana: Caoilte Mac Muiris as Ráth Fearnáin in Átha Cliath, Conor Mc Donagh as Cill Fhábhail i Sligeach, David Nesbitt as Brí Chualann, i gCill Mhantáin, Donnchadh Mac Aodha as Dún Dealgán i gCo. Lú, Éabha Ní Mhurchú as Na hUamhanna i gCorcaigh, Éimhear Flannery as Séipéal na Carraige, Co. Chorcaí, Ellen de Búrca as Cill na Martra, Co. Chorcaí, Frankie Mac Aodha as Indreabhán i gCo. na Gaillimhe, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin as Mainistir Fhear Maí i gCorcaigh, Seosamh Ó Baoighill as Buiríos Ó Luigheach i dTiobraid Árann, Kerrianne McArdle as Dún Dealgan i gCo. Lú, Maitiú Ó Riain as Inis, Co. an Chláir, Molly Pittendrigh as An Clochar / Baile an Tobair i Maigh Eo, Nicole Ní Dhubhshláine as an nGráig i gCiarraí agus Seamus Noonan as Boston. 

Pic. Joe de Georgeo (Minnesota) – a bhain an bhliain seo caite.

Is iad na hurraithe ar an gcomórtas ná Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Rochestown Park, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Imro.

Nasc https://www.rte.ie/radio/rnag.