Tuesday, 10 September 2024

Comórtas Nua - Amhrán na Laoch

Comórtas Nua - Amhrán na Laoch
Gael Linn le duaisiontráil i mórchomórtas amhrán trí mheán na Gaeilge a eisiúint – agus an spriocdháta ag druidim linn go tapa...

Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan agus Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers a bheas ina moltóirí ar an chéad Amhrán na Laoch

Agus muid ag druidim go hoifigiúil le Mí Cheoil na hÉireann 2024, tá Amhrán na Laoch – fógartha ag Hot Press le teacht ar amhrán iontach úrnua, cumtha as Gaeilge nó trí mheascán de Bhéarla agus Ghaeilge!

Gheobhaidh buaiteoir ámharach amháin:

 
• Duaischiste de €2,000

• Tacaíocht ar na haerthonnta thar 21 x  stáisiúin neamhspleácha Éireannacha raidió

• Meantóireacht agus tacaíocht i dtionscal an cheoil

• Deis a bheith ag seinm beo ag Babhta Ceannais Náisiúnta A New Local Hero

• Agus an t-amhrán eisithe ar lipéad clúiteach Gael Linn.

Tá go dtí Dé Céadaoin, 18 Meán Fómhair, agat chun d’iontráil a chur isteach – is féidir leat é sin a dhéanamh tríd an bhfoirm ag deireadh an leathanaigh anseo.

Sonraíonn na rialacha go gcaithfidh ar a laghad 50% den amhrán a bheith i nGaeilge – ach ná déan dearmad go mbeidh na moltóirí ag iarraidh úsáid na Gaeilge den chéad scoth a fháil i do chuid oibre.

 
Tá lúcháir orainn ar fad go mbeidh fidléir agus amhránaí iomráiteacha, Mairéad Ní Mhaonaigh, agus Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers ar phainéal moltóirí Amhrán na Laoch.

 
Is tionscnamh de chuid Hot Press agus Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann é Mí Cheoil na hÉireann a seoladh in 2021, agus tá sé maoinithe ag Coimisiún na Meán. Beidh neart ceoil Éireannach seinte ar stáisiúin rannpháirteacha IBI i rith na míosa, agus méadóidh siad go suntasach líon na n-uaireanta a sheinfear ealaíontóirí Éireannacha. San iomlán, tá luach os cionn €100,000 ag tionscadal Mhí Cheoil na hÉireann d’ealaíontóirí Éireannacha.

 

Niall de Stóc ó Hot Press:

"Táimid ana sásta go bhfuil Gael Linn ag obair linn ar Amhrán na Laoch. Tá siad chun tosaigh san fheachtas chun daoine a chur ag úsáid agus ag labhairt na Gaeilge le deicheanna de bhlianta – agus is spreagadh croí é go bhfuil torthaí dearfacha ar an obair sin sna healaíona anois, agus go háirithe i gcúrsaí ceoil agus scannáin. Tá eolas againn go léir go bhfuil Gael Linn mar thearmann do chuid de na ceoltóirí is fearr in Éirinn – agus tá an chatalóg ceirníní acu chun é sin a chruthú. Beidh an taithí agus an saineolas atá acu luachmhar lena chinntiú go mbeidh an t-amhrán buaiteach cloiste ag daoine ar fud an domhain."

 
Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn:

"Tá an-áthas ar Gael Linn dul i gcomhpháirt le Hot Press. Tá súil againn gné bhreise a thabhairt don chomórtas Amhrán na Laoch. Beimid ag obair le buaiteoir an chomórtais lena chinntiú go mbeidh a n-amhrán buach ar fáil ar fud na cruinne ar na hardáin mhóra dhigiteacha ar lipéad ceoil a bhfuil seachtó bliain taithí aige, Gael Linn.

"D'eascair go leor grúpaí séasúrtha as comórtais Gael Linn thar na blianta ar nós Clannad agus Hothouse Flowers ó bhlianta cinniúnacha Slógadh. Le blianta beaga anuas tá Siansa agus Scléip tar éis lingchlár a chur ar fáil do ghrúpaí isteach go saol gairmiúil an cheoil. Ba é lipéad Gael Linn an chéad stop a bhí ag a lán ealaíontóirí a bhí ag casadh trí mheán na Gaeilge agus cuireann an chomhpháirtíocht spreagúil seo le Hot Press bealach nua ar fáil dúinn chun tacú le scríbhneoirí amhrán agus oirfidigh atá ag teacht chun cinn agus a roghnaíonn an Ghaeilge mar mheán. B'fhéidir gur cás é seo nuair is é an meán an teachtaireacht nó cuid mhór di ar aon nós mar bíonn ar oirfidigh a bhíonn ag cumadh agus ag léiriú i nGaeilge cinntí bunúsacha faoina gcuid ealaíne a dhéanamh ar a mbealach. Cuireann an chomhpháirtíocht seo le Hot Press ar chomórtas Amhrán na Laoch go mór le saothar athneartaithe teanga Gael Linn. Is bealach iontach iad na comórtais chun an próiseas cumadóireachta a chur chun cinn agus iomaitheoirí ag díriú ar lucht éisteachta a thuigeann go mbíonn an pobal ag iarraidh dul ar thuras ach nach dtabharfaidh faoin turas sin ach amháin nuair a thuilltear muinín nuair a bhuaileann scil theicniúil le cruthaitheacht inspioráideach. Go n-éirí an t-ádh le gach iontrálaí. D'fhéadfadh an buaiteoir a bheith ag léamh na bhfocal seo anois."