Bunaíodh Gael Linn sa bhliain 1953 agus is liosta le háireamh iad na tionscnaimh uile ar thug an eagraíocht fúthu ó shin leis an nGaeilge agus ár gcultúr go ginearálta a chur chun cinn. Ag na himeachtaí éagsúla ba mhinic grianghrafadóir i láthair agus cuireadh na mílte pictiúir i gcló sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla agus ar na meáin shóisialta. Bhí cóipeanna go leor de na grianghraif a cuireadh chuig na nuachtáin in oifigí Gael Linn le fada agus tá iarracht déanta sa chartlann seo iad a chur ar fáil don phobal. Iarbhainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Gael Linn, Seán Ó Ceallaigh atá i mbun na hoibre seo agus tá an chuid is mó de na grianghraif bainteach leis na scéimeanna a raibh baint aige féin leo le linn na mblianta a chaith sé ag obair leis an eagraíocht ach go háirithe na comórtais díospóireachta, Slógadh, Siansa, Scoláireachtaí Trí Mhí srl. Tugann na gailearaithe éagsúla léargas maith ar obair na heagraíochta le blianta anuas agus léiríonn siad freisin an oiread daoine a bhfuil cáil bainte amach acu i réimsí éagsúla den saol, a thosnaigh amach le scéimeanna Gael Linn. Ábhar mórtais do Gael Linn é go bhfuil an-chuid acu seo fós ag plé le cúrsaí Gaeilge. Beidh fáilte roimh an bpobal íoslódáil a dhéanamh ar aon ghrianghraif agus má bhíonn aon eolas breise ag éinne faoi aon phictiúir cuirfidh Gael Linn fáilte roimh an t-eolas sin. Freisin, má tá aon seanghrianghraif ag éinne sa mbaile a bhaineann leis na scéimeanna éagsúla ar mhaith leo a roinnt leis an bpobal cuirfear suas ar an suíomh iad.
Chaith Seán Ó Ceallaigh 47 bliain ag obair le Gael Linn agus i rith na tréimhse sin, tá an oiread oibre déanta aige don eagraíocht a chuaigh chun leasa dúinn. Chaith Seán an chuid is mó de na blianta ag obair gan dua le scéimeanna oideachais na heagraíochta: na Comórtais Díospóireachta (dara agus tríú leibhéal), Slógadh, Scoláireachtaí Trí Mhí Gaeltachta (bunscoile), Cúrsaí Samhraidh, Féilte Peile, Comórtais Chlár Raidió, Cláir Thráth na gCeist ar RTÉ (‘Ceist agam ort’ agus ‘Buille faoi thuairim’), Siansa, Gaelbhratach, Coirm, Scléip agus go leor eile! Is mór chun tairbhe a chuaigh na scéimeanna seo ar fad, a bhuíochas sin d’obair Sheáin.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán anseo: seanc@gael-linn.ie nó 0872510980
Dé Aoine 1 Samhain ag Amharclann an Oireachtais in Óstán Brehon ar 18:00 a sheolfar Cartlann Ghrianghraif Gael Linn.