Bhí lá den scoth ag Gael Linn i bPáirc an Chrócaigh do bhronnadh na nduaiseanna i gCOMÓRTAS TRÁCHTAIREACHTA GAEL LINN 2024 a reáchtáiltear i gcomhar le Nemeton Teo. agus CLG.
Do na daoine óga ar fad a bhíonn ag déanamh aithrise ar Bhrian Tyers, Seán Bán Breathnach nó Micheál Ó Muircheartaigh, nach maireann, atá an comórtas seo á reáchtáil ag Gael Linn. Bíonn seans ag iomaitheoirí a dtráchtaireacht féin a chur os comhar an phobail sa chomórtas seo!
Ba iad moltóirí na bliana seo: Dara Ó Cinnéide, Mac Dara MacDonncha, Máire Ní Bhraonáin agus Liam Mac a' Mhaoir
Ár mbuíochas le Nemeton TV, Foras na Gaeilge & le Jamie Ó Tuama ó CLG a chuidigh go mór agus leis an Uachtarán, Iarfhlaith Ó Broin, a bhronn na duaiseanna.
Comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad agus le gach duine a bhí páirteach:
Buaiteoir Náisiúnta 2024
Oisín Ó Neachtain – Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Buaiteoirí Sóisearach
An Chéad Áit
Rhona Ní Bhroin – Gaelscoil Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
An Dara hÁit
Conor Ó Comáin – Gaelscoil Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
An Tríú hÁit
Dónal Mac Seoin – Gaelscoil Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
Duaiseanna ar leith – Comórtas Sóisearach
Audrey Ní hEimhín – Gaelscoil Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
Dale Ó Crionagáin – Gaelscoil Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí
Buaiteoirí Sinsearach
An Chéad Áit
Róise Ní Scanláin – Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
An Dara hÁit
Mártan Ó Cualán - Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal, Co. na Gaillimhe