Folúntas - Oifigeach Feidhmiúcháin x2
Feidhmeannach, Gael Linn
Próifíl an Phoist:
Beidh an tOifigeach Feidhmiúcháin freagrach go príomha as eagrú scéimeanna oideachasúla Gael
Linn, i gcomhar leis an mBainisteoir.
Cáilíochtaí Riachtanacha:
- Líofacht Gaeilge agus Béarla idir labhairt agus scríobh
- Cruinneas teanga agus sonraí
- Ardscileanna ríomhaireachta
- Ardscileanna cumarsáide
- Cumas obair as a stuaim féin agus obair mar bhall d’fhoireann
- Scileanna agus taithí bainistithe tionscadail
- Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
Critéir inmhianaithe:
- Dearcadh dearfach
- Taithí leis na meáin shóisialta
- Eolas agus tuiscint ar earnáil na Gaeilge
- Duine réiteach-dhírithe
- Duine solúbtha
- Meon an fháis
I measc na bhfreagrachtaí, tá:
▪ Riaracháin agus bainistiú a dhéanamh ar Scéimeanna Gael Linn. Comhoibriú le foireann
na Scéimeanna agus tacaíocht a thabhairt chun imeachtaí ar nós Scléip, Siansa, Coirm,
na Díospóireachtaí agus na Féilte Peile chomh maith le himeachtaí don 3ú leibhéal a
eagrú.
▪ Bheith gníomhach agus éifeachtach ag roinnt eolais agus ábhar cuí ar na meáin shóisialta
agus ar shuíomh gréasáin Gael Linn
▪ Tuairisciú ar dhul chun cinn na scéimeanna
Spriocdháta le haghaidh iontrálacha: 31ú Eanáir 2025
Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Bíonn taisteal i gceist leis an ról seo chun imeachtaí a chur ar siúl in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Tá an ról seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Seol CV agus litir chumhdaigh chuig AD@gael-linn.ie más spéis leat cur isteach ar an ról seo.