Monday, 31 March 2025

Craobh Siansa Gael Linn 2025

Craobh Siansa Gael Linn 2025

Seoid na hoíche, agus buaiteoirí Chraobh Siansa Gael Linn 2025, is iad an grúpa ‘Seoda’ as Co. Mhaigh Eo agus Co. Shligigh!

D’éirigh le ‘Seoda’ an gradam mór a bhuachan agus iad san iomaíocht le seacht ngrúpa eile i gcraobh ceannais an cheoil thraidisiúnta sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath dé Domhnaigh, 23 Márta. Bronnadh Trófaí Gael Linn agus seic ar €2,500 ar an ngrúpa.

Tá an comórtas Siansa Gael Linn ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre,a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Bunaíodh an comórtas sa bhliain 2001, agus tá sé á reáchtáil le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine agus Molscéal TG4. Tá Gael Linn fíor-bhródúil as caighdeán na gceoltóirí agus an chomórtais.

Bhí Molscéal i mbun sruthú físe beo den ceolchoirm ar Facebook (nasc anseo) agus ar chainéal YouTube Gael Linn (nasc anseo). Bhí gach grúpa, ‘Streancán’, Longfort, ‘Athbheochan’, Baile Átha Cliath, ‘Beomhar’, Laois agus Uibh Fhaillí, ‘Sáile’, Dún na nGall, ‘Loinnir’, Luimneach, ‘Stranach’, Loch Garman, ‘Teorainn’, Corcaigh agus Ciarraí, agus ‘Seoda’, Maigh Eo agus Sligeach, ar bís deis a fháil seinm sa Cheoláras Náisiúnta os comhair slua breá de 1,000 duine.

Bhí géariomaíocht eatarthu don duaischiste €4,500 agus is ar na ceoltóirí iomráiteacha Edel Fox, Dónal O’Connor agus Bernadette Nic Gabhann a thit sé buaiteoirí chomórtas na bliana seo a roghnú. Bhí an-cheiliúradh i measc a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurb iad ‘Seoda’ as Co. Mhaigh Eo agus Co. Shligigh a thug leo an phríomhdhuais. Ochtar ceoltóirí óga atá sa ghrúpa – Niamh Ní Dhochartaigh, Aoife Nic Pháidín, Aoife Ní Shearraigh, Hannah Pittendrigh, Kellie Ní Mhóráin, Piaras Mac Céide, Oisín Ó Domhnaill agus Noel de Faoite.

Is go Luimneach a chuaigh an dara háit agus bronnadh €1,250 ar Liam Mac Giobúin, Louis Ó Murchú, Marcus Ó Murchú, Páidí Mac Gormáin, Orlaith de Barra, Serena de Paor, Tove Byers agus Emma Sinéad Ní Choileáin, baill an ghrúpa ‘Loinnir’.

Chuaigh an tríú háit, agus duais de €750, go Loch Garman chuig Lily Ní Cheallaigh, Evan Ó Grádaigh, Tomás Ó Murchú, Florence Ní Dhonnchú, Gracie Ní Chuinneagáin, Billy Ó Cuinneagáin, Ciara Ní Choilféir agus Róisín de Bhál as an ngrúpa ‘Stranach’.

Anuas air sin, bhronn Cathaoirleach Gael Linn, Wayne Mac Feilimí, duais chuimneacháin ar gach ceoltóir a bhí páirteach sa gCraobh.

Ba é Tristan Rosenstock, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chuir an oíche i láthair den chéad uair i mbliana, tar éis d’Aine Hensey dul ar scor anuraidh, agus rinne an stáisiún craoladh beo ar an raidió arís i mbliana. Agus é i mbun cainte, dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:

“Is mór againne go bhfuil muid in ann tacú leis an gcomórtas seo agus leis na ceoltóirí óga seo. Is ag freastal ar an bpobal céanna atá muid, Gael Linn, Irish Music Magazine agus Molscéal agus is láidre muid i dteannta a chéile.”

Agus é ag tabhairt óráide ag deireadh na hoíche, dúirt Reamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn:

“Féasta ceoil a bhí againn arís i mbliana ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn. Ní baol don cheol traidisiúnta agus ní baol don Ghaeilge agus an ghlúin óg seo ag teacht chun cinn. Tagann an comórtas náisiúnta seo le luachanna lárnacha Gael Linn, le traidisiún Gael Linn, agus le misean Gael Linn.”

Ghabh sé buíochas le Gearóid Mac Donncha as tacaíocht leanúnach RTÉ Raidió na Gaeltachta, le Tristan Rosenstock as an oíche a chur i láthair, le Robert Heuston as an Irish Music Magazine, le Molscéal TG4, leis an triúr moltóirí, leis an gCeoláras Náisiúnta agus le foireann Gael Linn.

Beidh léirithe na grúpaí uile a ghlac páirt i gCraobh Siansa Gael Linn 2025 le feiceáil ar YouTube Gael Linn amach anseo!

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:

Kathryn Ní Mhaoláin, Gael Linn, kathryn@gael-linn.ie / 087 3593957