An Cúrsa
Is cúrsa é seo chun deis a thabhairt do dhaltaí na hIdirbhliana bunscileanna sna meáin chumarsáide a fhorbairt. Buntáiste mór ná go mbíonn an Ghaeilge á foghlaim ag na daltaí i rith an ama. Tugtar tuiscint dóibh ar mhodhanna éagsúla cumarsáide; iriseoireacht, raidió, teilifís agus na meáin shóisialta. Baineann siad úsáid as trealamh gairmiúil ar feadh an chúrsa. Buaicphointí an chúrsá ná gearrscannán a dhéanamh, chomh maith le clár raidió a chur le chéile agus a thaifeadadh i stiúideoanna Raidió na Life.
ÁBHAR AN CHÚRSA
Scileanna Craoltóireachta:
- Léiriú agus leagan amach clár raidió
- Ullmhú scripteanna
- Úsáid chóras fuaime
- Agallóireacht
- Eagarthóireacht
Scileanna Scannánaíochta:
- Ullmhú plean agus script scannánaíochta
- Úsáid cheamara
- Eagarthóireacht
Fad an Chúrsa: Seachtain amháin | Luan go hAoine | 10.00am go dtí 3.00pm (*críochnú ag 1pm Aoine)
Uaslíon: 10-12 dalta ar gach cúrsa tríd clárú grúpa amháin
Ionad: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Táille: €70 an duine
Dátaí:
2022
Cúrsa 1: 26/09 – 30/09
Cúrsa 2: 03/10 – 07/10
Cúrsa 3: 10/10 – 14/10 - LÁN
Cúrsa 4: 17/10 – 21/10
Cúrsa 5: 24/10 – 28/10
Cúrsa 6: 07/11 – 11/11 - LÁN
Cúrsa 7: 14/11 – 18/11 - LÁN
Cúrsa 8: 21/11 – 25/11 - LÁN
Cúrsa 9: 28/11 – 02/12 - LÁN
Cúrsa 10: 05/12 – 09/12 - LÁN
2023
Cúrsa 11: 23/01 - 27/01
Cúrsa 12: 30/01 - 03/02 - LÁN
Cúrsa 13: 06/02 - 10/02 - LÁN
Cúrsa 14: 27/02 - 03/03 - LÁN
Cúrsa 15: 06/03 - 10/03 - LÁN
Cúrsa 16: 20/03 - 24/03 - LÁN
Cúrsa 17: 27/03 - 31/03
Cúrsa 18: 24/04 - 28/04
Cúrsa 19: 01/05 - 05/05 - LÁN
Cúrsa 20: 08/05 - 12/05 - Ag líonadh
Clárú & Tuilleadh Eolais:
Má tá tú ag iarraidh cúrsa a chur in áireamh do ghrúpa ó do scoil nó má tá tuilleadh eolais uait, cuir rphost chuig
martina@gael-linn.ie.