An Cúrsa
Is cúrsa é seo chun deis a thabhairt do dhaltaí na hIdirbhliana bunscileanna sna meáin chumarsáide a fhorbairt. Buntáiste mór ná go mbíonn an Ghaeilge á foghlaim ag na daltaí i rith an ama. Tugtar tuiscint dóibh ar mhodhanna éagsúla cumarsáide; iriseoireacht, raidió, teilifís agus na meáin shóisialta. Baineann siad úsáid as trealamh gairmiúil ar feadh an chúrsa. Buaicphointí an chúrsá ná gearrscannán a dhéanamh, chomh maith le clár raidió a chur le chéile agus a thaifeadadh i stiúideoanna Raidió na Life.
ÁBHAR AN CHÚRSA
Scileanna Craoltóireachta:
- Léiriú agus leagan amach clár raidió
- Ullmhú scripteanna
- Úsáid chóras fuaime
- Agallóireacht
- Eagarthóireacht
Scileanna Scannánaíochta:
- Ullmhú plean agus script scannánaíochta
- Úsáid cheamara
- Eagarthóireacht
Fad an Chúrsa: Seachtain amháin | Luan go hAoine | 10.00am go dtí 3.00pm (*críochnú ag 1pm Aoine)
Uaslíon: 10-12 dalta ar gach cúrsa tríd clárú grúpa amháin
Ionad: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Táille: €70 an duine
Dátaí:
2023
Cúrsa 1 – 06/11 – 10/11 - LÁN
Cúrsa 2 – 13/11 – 17/11 - LÁN
Cúrsa 3 – 20/11 – 24/11 - LÁN
Cúrsa 4 – 27/11 – 01/12 - LÁN
Cúrsa 5 – 04/12 – 08/12 - LÁN
2024
Cúrsa 6 – 15/01 – 19/01 - LÁN
Cúrsa 7 – 22/01 – 26/01 - LÁN
Cúrsa 8 – 29/01 – 02/02 - LÁN
BRISEADH
Cúrsa 9 – 19/02 – 23/02
Cúrsa 10 – 26/02 – 30/02
Cúrsa 11 – 04/03 – 08/03 - LÁN
Cúrsa 12 – 11/03 – 15/03
Cúrsa 13 – 18/03 – 22/03
AN CHÁISC
Cúrsa 14 – 08/04 – 12/04
Cúrsa 15 – 15/04 – 19/04
Cúrsa 16 – 22/04 – 26/04
Cúrsa 17 – 29/04 – 03/05
Cúrsa 18 – 13/05 – 17/05
Cúrsa 19 – 20/05 – 24/05
Cúrsa 20 – 27/05 – 31/05
Clárú & Tuilleadh Eolais:
Má tá tú ag iarraidh cúrsa a chur in áireamh do ghrúpa ó do scoil nó má tá tuilleadh eolais uait, cuir rphost chuig
martina@gael-linn.ie.