An Cúrsa
Is cúrsa é seo chun deis a thabhairt do dhaltaí na hIdirbhliana bunscileanna sna meáin chumarsáide a fhorbairt. Buntáiste mór ná go mbíonn an Ghaeilge á foghlaim ag na daltaí i rith an ama. Tugtar tuiscint dóibh ar mhodhanna éagsúla cumarsáide; iriseoireacht, raidió, teilifís agus na meáin shóisialta. Baineann siad úsáid as trealamh gairmiúil ar feadh an chúrsa. Buaicphointí an chúrsá ná gearrscannán a dhéanamh, chomh maith le clár raidió a chur le chéile agus a thaifeadadh i stiúideoanna Raidió na Life.
ÁBHAR AN CHÚRSA
Scileanna Craoltóireachta:
- Léiriú agus leagan amach clár raidió
- Ullmhú scripteanna
- Úsáid chóras fuaime
- Agallóireacht
- Eagarthóireacht
Scileanna Scannánaíochta:
- Ullmhú plean agus script scannánaíochta
- Úsáid cheamara
- Eagarthóireacht
Fad an Chúrsa: Seachtain amháin | Luan go hAoine | 10.00am go dtí 3.00pm (*críochnú ag 1pm Aoine)
Uaslíon: 15 dalta ar gach cúrsa tríd clárú grúpa amháin
Ionad: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Táille: €70 an duine - is féidir le scoil íoc as seo don ghrúpa ar fad tríd sonrasc uainn nó is feidir leis an dalta aonair íoc ar an gcéad lá
DÁTAÍ | DATES:
2025
Cúrsa 1: 06/10 – 10/10 - LÁN
Cúrsa 2: 13/10 – 17/10
Cúrsa 3: 20/10 – 24/10
BRISEADH na SAMHNA
Cúrsa 4: 03/11 – 07/11
Cúrsa 5: 10/11 – 14/11 - LÁN
Cúrsa 6: 17/11 – 21/11
Cúrsa 7: 24/11 – 28/11 - LÁN
BRISEADH na NOLLAG
2026
Cúrsa 8: 26/01 – 30/01 - LÁN
Cúrsa 9: 09/02 – 13/02 - LÁN
MID-TERM BREAK
Cúrsa 10: 23/02 – 27/02 - LÁN
Cúrsa 11: 02/03 – 06/03 - LÁN
Cúrsa 12: 09/03 – 13/03 - LÁN
Cúrsa 13: 23/03 – 27/03
Cúrsa 14: 30/03 – 03/04 - LÁN
Cúrsa 15: 06/04 – 10/04
Cúrsa 16: 27/04 – 01/05
Cúrsa 17: 11/05 – 15/05
Clárú & Tuilleadh Eolais:
Má tá tú ag iarraidh cúrsa a chur in áirithe do ghrúpa ó do scoil nó má tá tuilleadh eolais uait, cuir rphost chuig
eve@gael-linn.ie leis an méid daltaí agus le do rogha daltaí.