Cúrsaí Gaeilge Ar Líne | Meán Fómhair 2023

Cúrsaí Gaeilge Ar Líne 2023

SONRAÍ:
Tá rogha idir cúrsa lae nó oíche ar líne a dhéanamh linn agus leibhéil éagsúla ar fáil. Thíos feicfidh tú costas, fad, na foirmeacha cláraithe agus leibéil do na cúrsaí in éineacht leis an am, lá agus dáta tosaithe. Déantar na ranganna ar an ardán Zoom agus tá sé riachtanach go bhfuil do chuntas Zoom féin agat chun páirt a ghlacadh sa rang agus is féidir cuntas a chruthú saor in aisce ANSEO. Freisin roinntear nótaí agus ábhair ranga ar Google Drive. Seans go mbeidh athrú le dátaí i rith an chúrsa mar gheall ar Laethanta Saoire Bainc.

CÚRSAÍ LAE 2023
Costas: €80 
Fad: 10 Seachtaine - 1 uair gach seachtain
Uaslíon Ranga: 15 duine
Cláraigh Anois: Tá Gach Cúrsa i Meán Fómhair 2023 LÁN anois
4 Leibhéal: 

1 New to Gaeilge ag tosú 25/049/2023 - Dé Luain @12.00-13.00
2 Feabhsaitheoirí | Improvers - ag tosú 26/09/2023 - Dé Máirt @12.00-13.00
3 Meánleibhéal | Intermediate - ag tosú 27/09/2023 - Dé Céadaoin @12.00-13.00
4 Ardeibhéal | Advanced ag tosú 28/09/2023 - Déardaoin @12.00-13.00


CÚRSAÍ OÍCHE 2023
Costas: €120
Fad: 10 Seachtaine - 1.5 uair gach seachtain
Uaslíon Ranga: 15 duine
Cláraigh Anois: Tá Gach Cúrsa LÁN Anois
4 Leibhéal ar fáil:

1 New to Gaeilge - ag tosú 25/09/2023 - Dé Luain @18.30-20.00
2 Feabhsaitheoirí | Improvers ag tosú 26/09/2023 - Dé Máirt @18.30-20.00
Meánleibhéal | Intermediate - ag tosú 27/09/2023 - Dé Céadaoin @18.30-20.00
Ardleibhéal | Advanced - ag tosú 27/04/2023 - Déardaoin @18.30-20.00



TEISTIMÉIREACHTAÍ:

"The focus on comhrá - it made it a lot less intimidating and I was amazed how much vocab came back to me over the 6 weeks."
"Na gnéithe den chúrsa a thaitin liom ná go raibh an rang an-bheag. Chomh maith leis sin bhí mé an-sásta go raibh béim mhór ar scileanna labhartha."
"I felt very lucky to be with a lovely group of learners and our teacher was very friendly, knowledgeable and approachable."
"Bhain mé taitneamh as caint le daoine eile gach seachtain, bhí an múinteoir suimiúil agus spreagúil, agus bhi na ceachtanna ábhartha."

CLÁRÚCHÁN:
Nuair a bhrúnn tú ceann de na foirmeacha cláraithe thuasluaite, tiocfaidh tú ar an leathanach cláraithe agus íocaíochta dár gcúrsaí - líon isteach do chuid sonraí, roghnaigh do chúrsa ón liosta, agus gheobhaidh tú rphost uainn i ndiaidh tamaillín le deimhniú go bhfuil tú cláraithe. Nóta: Tugann muid lascaine de 10% d'éinne atá mar mhac léinn lán-aimseartha, duine dífhostaithe nó pinsinéir seanaoise. Cuir rphost chuig ian@gael-linn.ie chun leas a bhaint as an lascaine seo. 

LEIBHÉIL:
Leanann ár gcúrsaí leibhéil TEG, is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu sin anseo. Muna bhfuil tú cinnte faoi do leibhéal féin is féidir an Triail TEG a dhéanamh ANSEO.

1. New to Gaeilge (A1 TEG)
Tá an leibhéal seo do dhaoine nach bhfuil aon taithí acu leis an teanga go fóill agus atá ag iarraidh bunchlocha na teanga a fhoglaim ar nós, frásaí, seanfhocail, struchtúr bunúsach abairtí 
2. Feabhsaitheoirí | Improvers (A2/B1 TEG)
Tá an leibhéal seo do dhaoine a bhfuil Gaeilge déanta acu ar scoil agus anois atá as cleachtadh. Foghlaimeoidh rannpháirtithe frásaí úsáideacha agus píosaí bunúsacha gramadaí chun abairtí a chur le chéile ag tógáil stór focal agus ag díriú ar mhuinín a ardú i labhairt na teanga.
3. Meánleibhéal | Intermediate (B1/B2 TEG)
Tá an leibhéal seo do dhaoine a bhfuil Gaeilge déanta acu ar scoil ach píosa beag níos deacra ná leibhéal a 2 agus beidh rannpháirtithe ag díriú ar líofacht sa mhéid Gaeilge atá acu agus ag foghlaim struchtúir abairte agus píosaí gramadaí níos casta. 
4. Ardleibhéal | Advanced (B2+ TEG)
Díreofar ar chúrsaí teanga níos deacra ag an leibhéal seo agus beidh rannpháirtithe ag díriú ar líofacht sa mhéid Gaeilge atá acu agus ag foghlaim struchtúir abairte agus píosaí gramadaí níos casta.

Má tá aon cheisteanna agat maidir le do leibhéal féin a roghnú, déan teagmháil le Ian - ian@gael-linn.ie.