Cúrsaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath | Eanáir 2026
Más mian leat do suim a léiriú i gceann dár gcúrsaí le do thoil líon an fhoirm
ANSEO.
SONRAÍ:
Tá rogha idir cúrsa comhrá Gaeilge san oíche a dhéanamh linn inár n-oifigí ag 35 Sráid an Dáma, BÁC 2 agus 4 leibhéal éagsúil ar fáil. Thíos feicfidh tú costas, fad agus leibéil do na cúrsaí in éineacht leis an am, lá agus dáta tosaithe. Seans go mbeidh athrú le dátaí i rith an chúrsa mar gheall ar Laethanta Saoire Bainc.
CÚRSAÍ OÍCHE 2026
Costas: €120
Fad: 10 Seachtaine - 2 uair gach seachtain
Uaslíon Ranga: 15 duine - má tá cúrsaí marcáilte LÁN thíos le do thoil cuir ríomhphost chuig ian@gael-linn.ie chun d'ainm a chur ar liost feitimh.
DÁTAÍ: Tosóidh an téarma seo an tseachtain dar tús 19ú Eanáir 2026
NA LEIBHÉIL:
1. Beginners (A0-A1) - 19/01/26 - 30/03/26 - Monday @18.00-20.00 - 15 spaces
2. Improvers 1 (A1-A2) - 20/01/26 - 31/03/26 - Tuesday @18.00-20.00 - 15 spaces
3. Improvers 2 (A1-A2) - 20/01/26 - 31/03/26 - Tuesday @18.00-20.00 - 15 spaces
4. Meánleibhéal (B1) - 21/01/26 - 01/04/26 - Wednesday @18.00-20.00 - 15 spaces
5. Ardleibhéal (C1) - 21/01/26 - 01/04/26 - Wednesday @18.00-20.00 - 15 spaces
LEIBHÉIL:
Leanann ár gcúrsaí leibhéil TEG ó A0 go C1, is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu sin
anseo. Muna bhfuil tú cinnte faoi do leibhéal féin is féidir an Triail TEG a dhéanamh
ANSEO.
LE CLÁRÚ:
Más mian leat do suim a léiriú i gceann dár gcúrsaí le do thoil líon an fhoirm ANSEO, agus seolfar nasc clárúcháin chugat nuair a bheidh sé oscailte. Nuair a bhrúnn tú an fhoirm chláraithe thuasluaite, tiocfaidh tú ar an leathanach cláraithe agus íocaíochta dár gcúrsaí - líon isteach do chuid sonraí, roghnaigh do chúrsa ón liosta, agus gheobhaidh tú rphost uainn i ndiaidh tamaillín le deimhniú go bhfuil tú cláraithe.
NÓTA:
Tugann muid lascaine de 10% d'éinne atá ag filleadh chugainn, duine ar bith atá mar mhac léinn lán-aimseartha, duine dífhostaithe nó pinsinéir seanaoise. Cuir rphost chuig ian@gael-linn.ie chun leas a bhaint as an lascaine seo.
TEISTIMÉIREACHTAÍ:
"The focus on comhrá - it made it a lot less intimidating and I was amazed how much vocab came back to me over the 6 weeks."
"Na gnéithe den chúrsa a thaitin liom ná go raibh an rang an-bheag. Chomh maith leis sin bhí mé an-sásta go raibh béim mhór ar scileanna labhartha."
"I felt very lucky to be with a lovely group of learners and our teacher was very friendly, knowledgeable and approachable."
"Bhain mé taitneamh as caint le daoine eile gach seachtain, bhí an múinteoir suimiúil agus spreagúil, agus bhi na ceachtanna ábhartha."
Má tá aon cheisteanna agat maidir le do leibhéal féin a roghnú, déan teagmháil le Ian -
ian@gael-linn.ie nó
eolas@gael-linn.ie.