Suíomh an Chúrsa:
Tá na cúrsaí seo á reáchtáil i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Bíonn ranganna an chúrsa ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (F92 V2AW an Eircode nó 'Ionad na hOllscoile' de réir Google Maps). Tá radharcanna ann nach bhfuil le sárú in áit ar bith, idir chnoic, tránna agus lochanna. Tá sé suite ar chósta thiar thuaidh Dhún na nGall agus tá sé ina cheantar láidir Gaeltachta.
An Cúrsa:
Maireann na cúrsaí seacht lá agus beidh an bhéim ar chumarsáid. Beidh ranganna ann do leibhéil eagsúla cumais; ón nglantosaitheoir go foghlaimeoir a bhfuil leibhéal réasúnta líofachta acu cheana. Déanfar gach iarracht blas den Ghaeltacht a thabhairt do na foghlaimeoirí trí léachtaí agus imeachtaí sóisialta. Ceann de na haidhmeanna atá leis an gcúrsa ná a léiriú gur teanga bheo bheathach í an Ghaeilge. Bíonn réimse gníomhaíochtaí ar siúl d'fhoghlaimeoirí atá ag glacadh páirte sna cursaí, idir seisiúin ceoil, céilithe, turasanna sa cheantar, scéalaíocht, gníomhaíochtaí áitiúla agus tuilleadh.
Is féidir leat teacht ar
amchlár na seachtaine
ANSEO.
LEIBHÉIL:
Leanann ár gcúrsaí leibhéil TEG, is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu sin
anseo. Muna bhfuil tú cinnte faoi do leibhéal féin is féidir an Triail TEG a dhéanamh
ANSEO.
1. New to Gaeilge (A1 TEG)
Tá an leibhéal seo do dhaoine nach bhfuil aon taithí acu leis an teanga go fóill agus atá ag iarraidh bunchlocha na teanga a fhoglaim ar nós, frásaí, seanfhocail, struchtúr bunúsach abairtí
2. Feabhsaitheoirí | Improvers (A2+ TEG)
Tá an leibhéal seo do dhaoine a bhfuil Gaeilge déanta acu ar scoil agus anois atá as cleachtadh. Foghlaimeoidh rannpháirtithe frásaí úsáideacha agus píosaí bunúsacha gramadaí chun abairtí a chur le chéile ag tógáil stór focal agus ag díriú ar mhuinín a ardú i labhairt na teanga.
3. Meánleibhéal | Intermediate (B1+ TEG)
Tá an leibhéal seo do dhaoine a bhfuil Gaeilge déanta acu ar scoil ach píosa beag níos deacra ná leibhéal a 2 agus beidh rannpháirtithe ag díriú ar líofacht sa mhéid Gaeilge atá acu agus ag foghlaim struchtúir abairte agus píosaí gramadaí níos casta.
4. Ardleibhéal | Advanced (B2+ TEG)
Díreofar ar chúrsaí teanga níos deacra ag an leibhéal seo agus beidh rannpháirtithe ag díriú ar líofacht sa mhéid Gaeilge atá acu agus ag foghlaim struchtúir abairte agus píosaí gramadaí níos casta.
Lóistín:Is gá do rannpháirtithe an chúrsa a gcuid lóistín féin a shocrú agus tá go leor roghanna ar fáil sa cheantar. Is féidir leat teacht ar liosta lóistín agus tuilleadh eolais ANSEO.
Dátaí Samhraidh 2023:
Cúrsa A: 18/06/2023 - 24/06/2023 - Tá Cúrsa A anois LÁN
Cúrsa B: 30/07/2023 - 05/08/2023 - Níl mórán spáis ar an gcúrsa sin ag an bpointe seo mar sin cuir ríomhphost chuig ian@gael-linn.ie le fiosrú faoi spás a chur in áirithe.
Táille & Clárú: Tá costas €250 ar chúrsa amháin in aghaidh an duine.
MAR EOLAS: Tá lascaine 10% ar fáil d'einne a bhfuil carta mic léinn bailí acu, éinne atá ag fáil pinsin nó daoine ag cuartú poist. Glactar le VISA agus Mastercard. Ní mór táille iomlán an chúrsa a íoc roimh dháta tosaithe an chúrsa.
Aitheantas SCG:
Tá cúrsaí Ghael Linn i nDún na nGall aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus sásaíonn siad an riachtanas gur gá do mhúinteoirí a oileadh lasmuigh den Stát freastal ar chúrsa aitheanta Gaeltachta Beidh léachtaí/ceardlanna do mhúinteoirí amháin chomh maith leis an ngnáthchlár oibre.
Tuilleadh Eolais:
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn do thuilleadh eolais trí ghlaoch a chur ar
01 675 1200 nó trí rphost
eolas@gael-linn.ie nó tabhair cuairt orainn 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
Moltaí dár gcúrsaí:
“Bhain mé sult as na ranganna - ní raibh siad rófhoirmiúil (is saoire atá ann) agus bhí neart deiseanna againn le bheith ag plé agus giota beag craic a bheith againn. D'fhoghlaim mé cupla rud an-úsaideach chomh maith. Bhí imeachtaí den scoth eagraithe, go háirithe an turas treoraithe agus an turas go Gabhla. Beidh me ar ais an bhliain seo chugainn.”
“The course was amazing from start to finish. There was such variety, camaradarie and exposure to the Irish language and culture. We had an exceptional teacher who taught us so much, provided such variety and made it fun and engaging the whole way through. Such a gifted teacher. The organisation and support from everyone involved in the course was truly exceptional. I had high expectations going but they were actually exceeded so good was the course.”