Cúrsaí Gaeltachta do Dhaoine Fásta le Gael Linn 2025


SUÍOMH: 
Tá na cúrsaí seo á reáchtáil i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Bíonn ranganna an chúrsa ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (F92 V2AW an Eircode nó 'Ionad na hOllscoile' de réir Google Maps). Tá radharcanna ann nach bhfuil le sárú in áit ar bith, idir chnoic, tránna agus lochanna. Tá sé suite ar chósta thiar thuaidh Dhún na nGall agus tá sé ina cheantar láidir Gaeltachta.

CÚRSA:
Maireann na cúrsaí seacht lá ag tosú Dé Domhnaigh agus ag críochnú ar an Satharn. Beidh am saor agat gach tráthnóna chun dinnéar a fháil agus feicfidh tú ar an sceideal go bhfuil rud éagsúil ar siúl nach mór gach oíche. Tá gach imeacht istoíche roghnach ach molaimid go mór duit freastal orthu. Maidir le lón, brisfimid idir 13.00-14.00 gach lá agus de ghnáth tógann daoine a gcuid lóin isteach leo mar tá caintín againn san Acadamh ach díreach do chupán tae agus caife. Seans nach mbeadh an t-am agat dul go café áitiúil le linn na huaire sin, mar sin molaimid go dtabharfaidh tú lón leat gach lá. Tá ollmhargadh áitiúil darb ainm Gallagher's Foodstore chun bia a cheannach. Níl aon leabhar le ceannach agat don chúrsa seo ach molaimid go dtógann tú fillteán agus leabhar nótaí leat ionas gur féidir leat fillteán foghlamtha a chur le chéile i rith na seachtaine. Is féidir leat teacht ar amchlár na seachtaine ANSEO.

Moltaí dár gcúrsaí:

“Bhain mé sult as na ranganna - ní raibh siad rófhoirmiúil (is saoire atá ann) agus bhí neart deiseanna againn le bheith ag plé agus giota beag craic a bheith againn. D'fhoghlaim mé cupla rud an-úsaideach chomh maith. Bhí imeachtaí den scoth eagraithe, go háirithe an turas treoraithe agus an turas go Gabhla. Beidh me ar ais an bhliain seo chugainn.”

“The course was amazing from start to finish. There was such variety, camaradarie and exposure to the Irish language and culture. We had an exceptional teacher who taught us so much, provided such variety and made it fun and engaging the whole way through. Such a gifted teacher. The organisation and support from everyone involved in the course was truly exceptional. I had high expectations going but they were actually exceeded so good was the course.”


LEIBHÉIL:
Tá seacht leibhéal ar fáil ar na cúrsaí agus leanann ár gcúrsaí leibhéil TEG, is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu sin anseo. Muna bhfuil tú cinnte faoi do leibhéal féin is féidir an Triail TEG a dhéanamh ANSEO. Léigh tríd na ráitis thíos agus má oireann ceann acu do leibhéal Gaeilge reatha molaimid go roghnaíonn tú an ceann sin.

1. Complete Beginners (A0) - "I am a complete beginner, I know one phrase but nothing else"
2. Beyond Beginners (A1) - "I'm beyond beginner, I've studied Irish before and understand the basics, but still fairly basic level"
3. Improvers (A2) - "Tuigim go leor as Gaeilge, I'm a bit rusty and I want to solidify the basics and focus on more conversation and some grammar"
4. Pre-Intermediate (A2-B1) - "Tuigim an-chuid, ach ba mhaith liom snas a chur ar mo chuid Gaeilge"
5. Intermediate (B1) - "Táim ag iarraidh barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge idir labhairt agus scríobh"
6. Pre-Advanced (B2) - "Táim nach mór líofa ach ba mhaith liom barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge"
7. Advanced (C1) -  "Tá ardchaighdeán Gaeilge sa chomhrá agam, ba mhaith liom díriú ar chúrsaí aistriúcháin agus ar phíosaí gramadaí níos dúshlánaí"


LÓISTÍN:
Is gá do rannpháirtithe an chúrsa a gcuid lóistín féin a shocrú agus tá go leor roghanna ar fáil sa cheantar. Is féidir leat teacht ar liosta lóistín agus tuilleadh eolais ANSEO.

DÁTAÍ 2025:
Cúrsa A: 22/06/2025 - 28/06/2025
Cúrsa B: 10/08/2025 - 16/08/2025

TÁILLE: €250

LE CLÁRÚ: Níl an clárúchán oscailte go fóill go chúrsaí 2025. Le do thoil CLICEÁIL ANSEO ionas gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat nuair atá an clárúchán oscailte. Tá uasmhéid 120 duine againn ar gach cúrsa. NÓTA:lascaine 10% ar fáil d'einne a bhfuil cárta mic léinn bailí acu, éinne atá ag fáil pinsin nó daoine ag cuartú poist. Chun leas a bhaint as an lascaine seo le do thoil cuir ríomhphost chuig ian@gael-linn.ie.

Aitheantas SCG/OCG:
Tá cúrsaí Ghael Linn i nDún na nGall aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus sásaíonn siad an riachtanas gur gá do mhúinteoirí a oileadh lasmuigh den Stát freastal ar chúrsa aitheanta Gaeltachta Beidh léachtaí/ceardlanna do mhúinteoirí amháin chomh maith leis an ngnáthchlár oibre.

TUILLEADH EOLAIS:
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn do thuilleadh eolais trí ghlaoch a chur ar 01 675 1200 nó trí rphost ian@gael-linn.ie nó tabhair cuairt orainn 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.