Coláiste Bhun an Inbhir

Foirmeacha Iarratais 2023 réidh ANOIS!



 

Treoracha don fhoirm iarratais a líonadh:
  • Sábháil an fhoirm ar do ríomhaire sula líonann tú isteach na boscaí
  • Líon isteach an fhoirm agus í sábháilte agat ar do ríomhaire
  • Roghnaigh do mhodh íocaíochta agus sábháil na hathruithe
  • Cuir an fhoirm chomhlánaithe ar ais mar iatán ar r-phost chuig eolas@gael-linn.ie

Físeán - Coláiste Bhun an Inbhir

Má tá tú ag iarraidh marcanna níos airde a fháil i do scrúdú Gaeilge tá Gael Linn ar fáil le cuidiú leat.

Cliceáil anseo le haghaidh Rialacha Choláistí Samhraidh Ghael Linn.

Tá Coláiste Bhun An Inbhir suite i nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Tá sé lonnaithe in Iarthuaisceart Dhún na nGall, 50KM ó Leitir Cheannainn. Is áit speisialta í Bun An Inbhir le tránna agus tírdhreach álainn. Tá saibhreas iontach oidhreachta agus Gaeilge sa cheantar seo i nDún na nGall. 

Cúrsa speisialta is na cúrsaí i mí an Mheithimh, atá dírithe ar dhaltaí idir 11-14 bliana d'aois. Maireann na cúrsaí seo ar feadh coicíse.

Tá gach teach ceadaithe ag Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus is ball de CONCOS Coláiste Bhun an Inbhir.

Tabharfar gach cuidiú do scoláirí Gaeilge a labhairt trí ranganna sultmhara agus trí himeachtaí spraíúla. Caithfidh gach duine iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt i gcónaí. Leis an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa ní mór do dhaltaí a bheith sásta a ndícheall a dhéanamh i gcónaí Gaeilge a úsáid. Is cuma cén caighdeán atá ag dalta ní féidir leis/léi ach feabhsú le cleachtadh. Beidh foireann ansin i gcónaí le cabhair a thabhairt!

Tá réimse leathan cluichí ar fáil sa choláiste agus ina measc sin tá; peil, iománaíocht, cispheil, eitpheil, sacar, cluiche corr, leadóg boird, leadóg, eitleog, scuais agus réimse cluichí boird. Molaimid do gach éinne páirt a ghlacadh i gcuid de na sraithchomórtais a eagraítear iad mar creidimid go bhfuil an idirghníomhaíocht shóisialta atá i gceist ar leas an dalta agus go gcabhraíonn sé le forbairt teanga. Ní neart go cur le chéile!

Cuireann Coláiste Bhun an Inbhir rogha leathan de spóirt uisce ar fáil do dhaltaí a bhfuil suim acu sna spóirt sin. Déanann teagascóirí, atá oilte de réir caighdeáin Cumann Curachóireachta na hÉireann na ranganna spóirt uisce a chuir ar fáil.