Foirm Iarratais 2023 réidh ANOIS!
| | | |
Treoracha don fhoirm iarratais a líonadh:
- Sábháil an fhoirm seo ar do ríomhaire sula líonann tú isteach na boscaí
- Líon isteach an fhoirm agus í sábháilte agat ar do ríomhaire
- Roghnaigh do mhodh íocaíochta agus sábháil na hathruithe
- Cuir an fhoirm chomhlánaithe ar ais mar iatán ar r-phost chuig eolas@gael-linn.ie
Cliceáil anseo le haghaidh Rialacha Choláistí Samhraidh Ghael Linn.
Tá Machaire Rabhartaigh suite in iarthuaisceart Dhún na nGall siar ó thuaidh ó Leitir Ceanainn i nGaeltacht Chloch Cheann Fhaolaidh, leath bealaigh idir Gort an Choirce agus Cnoc Fola. Tá radharc iontach ar Inis Bó Finne agus ar Oileán Thoraidh ó na dumhcha agus ón trá, a shíneann ar feadh trí mhíle ar fad. Is iad na dumhcha agus trá seo an Machaire in ainm na háite. Tá Coláiste Mhachaire Rabhartaigh, coláiste samhraidh Gael Linn, lonnaithe san ionad pobail agus sna scoileanna náisiúnta. Tá baint ag Gael Linn leis an gceantar seo le breis agus tríocha bliain. Faoin am seo tá an coláiste mar dhlúthchuid den phobal seo, ag a bhfuil oidhreacht shaibhir teanga agus cultúir. Tá gach teach ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus is ball de CONCOS Coláiste Machaire Rabhartaigh.
Maireann na cúrsaí i mí Iúil agus Lúnasa ar feadh 22 lá agus tá siad oscailte do dhaltaí idir 11 agus 18 mbliana d’aois. Is aidhm na gcúrsaí seo feabhas a chur ar líofacht na ndaltaí agus cumas agus muinín a chothú iontu an Ghaeilge a labhairt. Tugann na cúrsaí seo deiseanna praiticiúla do na daltaí an Ghaeilge a úsáid.
Cúrsa speisialta is ea an cúrsa i mí an Mheithimh, atá dírithe ar dhaltaí idir 11-14 bliana d’aois ó Thuaisceart Éireann nach bhfuil ach bliain nó dhó déanta acu i staidéar na Gaeilge. Maireann an cúrsa seo ar feadh coicíse.