Scoláireachtaí do Dhaoine Fásta 2019

Forbhreathnú an Chúrsa

Tá scoláireachtaí á soláthar ag Foras na Gaeilge agus Gael Linn d'fhoghlaimeoirí fásta ar mhaith leo freastal ar chúrsa Gaeltachta i mbliana.

Sé scoláireacht dhéag ar luach €250 an ceann a bheidh ar fáil d'fhoghlaimeoirí fásta. Beidh na scoláireachtaí seo inaistrithe agus do chúrsaí i gceantar Gaelachta amháin.

Is é Aoine 12ú Aibreán 2019 ag a 17.00 an spriocdháta le cur isteach ar scoláireacht i mbliana. 

Má tá suim agat cur isteach ar scoláireacht níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig ian@gael-linn.ie, le d'ainm, do chuid sonraí teagmhála, agus míniú cén fáth ar mhaith leis go mbronnfaí scoláireacht ort - is féidir an píosa seo a bheith i nGaeilge nó i mBéarla.

Liosta na gcúrsaí

Cúrsaí do Dhaoine Óga

Cúrsaí do Dhaoine Fásta