Imeachtaí Eile

Bewley's @ 6!

Léargas ginearálta

An aidhm atá leis an tsraith seo ná deis a thabhairt do lucht na Gaeilge san Ardchathair teacht le chéile tar éis lá oibre nó lá siopadóireachta, bualadh le cairde ( idir sean agus nua ! ), agus sult a bhaint as ceol den scoth!

Is uair sa mhí ó Dheireadh Fómhair go Bealtaine, ar thráthnónta Déardaoin a bhíonn an chraic, ó 6p.m. – 8p.m. Reáchtáltar na hócáidí in amharclann Bewley's, atá lonnaithe ar an dara hurlár den gcaifé stairiúil sin ar Shráid Grafton. I measc na n-oirfideach a bhí linn thar na blianta bhí Mary Bergin, Muireann Nic Amhlaoibh/Gerry O’Beirne, Michelle/Louise Mulcahy, Mairéad Ní Mhaonaigh/Mánus Lunny, Séamus Begley/Oisín Mac Diarmada, Four Star Trio, Raw Bar Collective, Matt Cranitch agus Jackie Daly, – seo blaiseadh beag!

€15 an praghas réasúnta atá ar thicéid, le blaisíní bia dea-mhéine san áireamh.
Beidh fíon, beor, deochanna boga, tae agus caifé, ar fáil le ceannach sa bheár.
Toisc spás a bheith teoranta, moltar áirithint luath a dhéanamh - 087/2547574

Eolas faoin gcéad ócáid eile - cliceáil anseo