Cliceáil ANSEO chun PDF den gcás a íoslódáil
AN CÁS 2022
AN CHÚIRT ACHOMHAIRC
Idir:
LIAM Ó SÚILLEABHÁIN
GEARÁNAÍ / ACHOMHARCÓIR
- agus -
ÁINE UÍ SHÚILLEABHÁIN
COSANTÓIR / FREAGRÓIR
CEIST
Is iad an lánúin pósta Daithí agus Áine tuismitheoirí Liam. Bhí Áine ina ball d’fhoireann na mban sa chlub leadóige áitiúil agus bhídís ag traenáil gach tráthnóna Déardaoin. Le linn d’Áine a bheith i mbun traenála ar an Déardaoin, bhíodh Daithí ag tabhairt aire do Liam. Is iondúil go n-ullmhódh Daithí an dinnéar don teaghlach tráthnóna Déardaoin nuair a bhíodh Áine ag traenáil.
Tráthnóna Déardaoin ar leith, nuair a bhí Liam deich mbliana d’aois, níor fhill Daithí abhaile i ndiaidh na hoibre faoi mar a bhíothas ag súil. D’fhan Áine air go dtí a seacht a chlog um thráthnóna agus ansin d’imigh sí chuig an seisiún traenála. Chreid Áine go mbeadh Liam togha leis féin sa mbaile ar feadh uair a chloig ar a laghad agus go mbeadh Daithí sa mbaile go luath. Dúirt Liam lena mháthair go raibh sé sásta fanacht sa mbaile agus féachaint ar an teilifís leis féin go dtiocfadh a athair abhaile.
Faraor, an Déardaoin áirithe sin, chuaigh Daithí chuig an teach tábhairne i ndiaidh na hoibre agus níor tháinig sé abhaile go dtí a naoi a chlog an oíche sin. Nuair a tháinig Daithí abhaile chonaic sé nach raibh aon dinnéar réitithe agus nach raibh Liam sa leaba. Mar go raibh ól déanta ag Daithí, tháinig olc aisteach air go tobann agus ba é Liam a fuair an chuid ba mheasa dá chuid feirge. Chuir Daithí a lámha timpeall ar mhuineál Liam agus thacht sé é go raibh sé gan aithne. Mar go raibh sé ar meisce, chreid Daithí gur mharaigh sé a aonmhac agus chuir sé lámh ina bhás féin.
Go gairid ina dhiaidh sin tháinig Áine abhaile. Bhí drochbhail uirthi nuair a chonaic sí Daithí agus Liam, iad beirt ina luí ar an urlár gan aithne sa seomra suí. Chuir Áine fios ar na seirbhísí éigeandála agus d’éirigh leo Liam a athbheochan.
Briseadh larainge Liam san ionsaí, rud a chuir as go mór dá théada gutha. Chuir an gortú seo isteach go mór ar chaighdeán gutha Liam i rith a óige.
Chuir Liam an milleán ar a mháthair de bharr a ghortuithe agus nuair a bhain sé amach ocht mbliana déag d’aois thóg sé cás ina haghaidh.
AN ARD-CHÚIRT
Chuir Liam tús le cás san Ard-Chúirt in aghaidh a mháthair, Áine, as faillí a dhéanamh air mar nár choinnigh sí ó dhochar é, go háirithe ón ionsaí a rinne a athair, Daithí air.
D'éist an Breitheamh Séamus Ó Duinn leis an gcás san Ard-Chúirt agus tháinig sé ar na fíorais seo a leanas:
1. Cé gur athair agus fear céile grámhar ab ea Daithí, ba mhinic a d’fhillfeadh sé abhaile ón obair agus é ar meisce agus go n-ionsódh sé Áine go fisiciúil agus ó bhéal. Chuir Liam agus Áine fianaise i láthair na hArd-Chúirte nach ndearnadh aon teagmháil riamh leis na Gardaí mar gheall ar na hionsaithe seo
2. D’fhág Áine a mac Liam sa bhaile leis féin roimhe seo, ach níor fhág sí riamh leis féin é ar feadh níos mó ná uair a chloig.
3. Seachas an dochar a rinneadh dá théada gutha, níor chuir an t-ionsaí a rinneadh ar Liam isteach air ar aon bhealach eile.
4. Ainneoin go bhfuair Liam go leor seisiúin teiripe urlabhra, le linn dó a bheith ina dhéagóir, ní móide go dtiocfadh níos mó feabhais ar chaighdeán a ghutha.
Dhiúltaigh an Breitheamh Ó Duinn do chás Liam. Agus é ag baint feidhm as an tástáil i gcás Glencar Exploration plc and Andaman Resources plc v Mayo County Council [2002] 1 I.R. 84 chinn sé, in ainneoin go bhféadfaí a rá go teoiriciúil go raibh dualgas cúraim ar Áine:
1. Nach bhféadfadh Áine a thuar go ndéanfadh Daithí aon chineál ionsaí ar Liam
agus anuas air sin
2. Nach raibh sé cothrom, cóir ná réasúnach cur i leith Áine nach raibh a dualgas cúraim comhlíonta aici.
Rinne an Gearánaí (Liam Ó Súilleabháin) achomharc chun na hArd-Chúirt ar bhonn an dá phointe seo:
1. Bhí sé réasúnta intuartha go bhfillfeadh Daithí abhaile i ndiaidh na hoibre agus é ar meisce, rud a chuirfeadh Liam i mbaol mór go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dó.
2. Bhí caidreamh speisialta idir Áine agus Liam, mar mháthair agus mar mhac, rud a chiallódh go bhféadfadh Liam brath ar Áine gníomhú go dearfach ar a shon. Mar sin, bheadh sé cothrom, cóir agus réasúnta go mbeadh ar Áine dualgas cúraim a léiriú ar chaighdeán tuismitheoir réasúnta.
REÁCHTÁIL AN CHOMÓRTAIS
Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist. Tá sonraí an cháis thuas. Tá an comórtas á reáchtáil ag Gael Linn in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann‚ Cearbhall Ó Dálaigh.
Reáchtálfar réamhbhabhtaí Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn maidin
Dé hAoine 11 Samhain 2022 in Óstaí an Rí (King's Inns)‚ Sráid Henrietta‚ Baile Átha Cliath 1 agus reáchtálfar an chraobh sna Ceithre Chúirt os comhair breithiúna an tráthnóna sin. Ag brath ar líon na bhfoirne tá seans bheag go mbeidh orainn roinnt réamhbhabhtaí a eagrú oíche Déardaoin 10 Samhain 2021.
Clár imlíne an lae:
10.00 – 12.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
12.30 – 14.00 Lón do na hiomaitheoirí.
14.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
15.30 Fógra faoin gCraobh.
17.00 – 18.00 An Chraobh‚ Na Ceithre Chúirt.
18.00 – 19.00 Fáiltiú i Seomra Tae na nAbhcóidí‚ Na Ceithre Chúirt.
BALLRAÍOCHT NA FOIRNE
Duine amháin ar a laghad agus ceathrar ar a mhéid. Ar aon fhoireann ní bheidh ag caint ach beirt ar a mhéid, Abhcóide Sinsir agus Abhcóide Sóisir. Is féidir le duine amháin páirt a ghlacadh sa Bhréagchúirt mar Abhcóide Sinsir. Ní gá do bhaill uile na foirne a bheith ina mic léinn ar an gColáiste 3ú leibhéal céanna. Áirítear Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí ina gColáistí 3ú leibhéal.
Íocfar liúntas taistil agus lóistín más cuí, leo siúd a ghlacfaidh páirt.

Buaiteoirí 2019 - Darragh Ó Caoimh agus Cárthach Ó Faoláin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh le Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn
DUAISEANNA
Bronnfar buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí.
Bronnfar seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.
DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA
Ní mór iontráil a dhéanamh roimh
Dé Céadaoin 2 Samhain 2022. Tá teacht ar fhoirm iontrála tríd CLÁRAIGH a bhrú ag barr an leathanaigh seo.
RÉAMHULLMHÚCHÁN
Beidh ar gach foireann dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Déarfar leis na foirne an lá roimh na réamhbhabhtaí cén taobh den chás a bheidh á phléadáil acu sa chéad bhabhta.
Treoracha i dtaobh na nAighneachtaí:Moltar do fhoirne leabhair údaráis a chur le chéile agus go mbeidh cóip ann do gach breitheamh (beidh triúr breithiúna sa chraobh).
Leabhair Údaráis:Ba chóir cóip de gach cás, acht reachtaíochta, nó sliocht ó leabhar dlí, a bhfuil tagairt ann sna haighneachtaí a chur i leabhar údaráis (fillteán den pháipéarachas uile). Má tá aon chás no acht reachtaíochta thar 10 leathnach, moltar diréach an chéad cúpla leathanach, a thugann firicí an cháis ón mbreithiúnas, nó innéacs na reachtaíochta, a chur ar fáil. Moltar gan níos mó ná 6 chás a oscailt agus moltar cásanna Éireannacha a úsáid chomh fada agus is féidir.
NA hAIGHNEACHTAÍ BÉIL
Leanfaidh na haighneachtaí béil mar a leanas:
1. Abhcóide* don achomharcóir : 20 nóiméad
2. Abhcóide* don fhreagróir : 20 nóiméad (*Tig le gach foireann na haighneachtaí a roinnt mar a leanas‚ más mian leis an bhfoireann é)
A. Abhcóide Sinsir : 10 nóiméad B. Abhcóide Sóisir : 10 nóiméad
3. Frisnéis : Abhcóide amháin don achomharcóir : 3 nóiméad
4. Cur i gcoinne na frisnéise – Abhcóide amháin don fhreagróir : 3 nóiméad
Ní cheadófar ábhar nua a thabhairt isteach le linn na frisnéise/cur i gcoinne na frisnéise.
Gearrfar pionós ar abhcóidí a sháraíonn na teorainneacha ama. Tá sé tábhachtach d'iomaitheoirí an iomarca léitheoireachta a sheachaint.
Ní cheadófar d'aon fhoireann atá fós sa chomórtas suí isteach ar Chúirt ina bhfuil foirne eile sa chomórtas ag iomaíocht.

Gaeilge
Is í an Ghaeilge teanga an chomórtais. Beidh cead áfach ag baill foirne sliochtanna a léamh i mBéarla ó chásanna atá á n-úsáid acu chun tacú lena gcuid argóintí, ach gan dul thar fóir leis. Tá teacht ar théarmaí dlí i nGaeilge ar an suíomh gréasáin
www.acmhainn.ie/Tá Gael Linn buíoch de na hAbhcóidí a chuidíonn linn an comórtas seo a reáchtáil, ach go háirithe de Alice Maguire Spencer, Abhcóide. Má tá ceisteanna ag éinne i dtaobh an cháis is féidir teagmháil a dhéanamh le:
Alice Maguire Spencer BL A.MaguireSpencer@lawlibrary.ie (087) 950 4109
Cecilia Ní Choileáin BL cecilia.nichoileain@lawlibrary.ie (087) 217 4703
Daniel McNamara BL daniel.mcnamara@lawlibrary.ie (085) 226 2375
Cillian McGovern BL cillian.mcgovern@lawlibrary.ie (083) 426 3999
Beidh gach duine ainmnithe thuasluaite sásta tacaíocht a thabhairt le haon fhoireann atá ag lorg comhairle nó cabhrach maidir leis an mBréagchúirt ach teagmháil a dhéanamh leo chun cruinniú a shocrú.
Táimid buíoch freisin de Chormac Ó Dúlacháin, Abhcóide Sinsearach, Daithí Mac Cárthaigh, Abhcóide, Kate Ní Chonfhaola, Abhcóide, agus Pól Ó Murchú, Dlíodóir, as a dtacaíocht leanúnach. Is mór linn chomh maith an comhoibriú a fhaighimid go bliantúil ó Óstaí an Rí agus ón tSeirbhís Chúirteanna, a chuireann áiseanna den scoth ar fáil dúinn.
Mar threoir ghinearálta is fiú féachaint ar an suíomh
www.mooting.net ach coinneáil in aigne nach mar a chéile go díreach na rialacha atá in úsáid ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh.
CÓRAS MARCÁLA
Dáilfear marcanna as 100 ar gach mac léinn de réir na scéime Marcála seo a leanas:
A Ábhar (30 Marc)Aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna atá os comhair na cúirte
Ábhar a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chinneadh na cúirte a phlé agus an t-ábhar sin amháin
Feasacht a léiriú ar na cinntí a d'fhéadfadh an chúirt a dhéanamh
An úsaid chuí a bhaint as cáipéisí ábhartha
Plé mar is cuí a dhéanamh le hoifigigh na cúirte
Cruinneas ó thaobh na bhfíricí agus ó thaobh an dlí de
B Struchtúr (20 MARC)Feasacht a léiriú maidir leis an gcéim ag a bhfuil na himeachtaí
An t-ábhar a chlúdach go héifeachtach laistigh de na teorainneacha ama
Gach pointe a ghlacadh in ord loighciúil
An tábhacht agus an suntasacht chuí a thabhairt do gach pointe
C Úsáid Gutha (30 MARC)Labhairt ar luas ciallmhar
Neamhchinnteacht a sheachaint
Labhairt amach go soiléir agus os ard
Téarmaí oiriúnacha a úsáid
Cúram a dhéanamh de theacht i láthair agus comharthaíocht choirp
An iomarca tagairtí do nótaí agus go háirithe léamh amach nótaí focal ar fhocal a sheachaint
D Cumas Argóna (20 MARC)An dlí agus fíricí a úsáid leis an sprioc atá ag teastáil a bhaint amach
Argóintí fiúntacha a chur chun cinn agus argóintí nach bhfuil fiúntas leo a sheachaint
Aon laige sa chás a phlé mar is cuí
Freagairt oiriúnach a dhéanamh ar aon idirghabháil a dhéanann an breitheamh
Tuilleadh Eolais:Tomás Ó Cadhla
Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
087.7474927
tomasrua@gael-linn.ie