Comórtas Óráide an Phiarsaigh 2021
AIDHM
Comórtas Óráide is ea Comórtas an Phiarsaigh 2021 atá á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Is í aidhm an chomórtais ná taithí i labhairt na Gaeilge a thabhairt do dhaltaí. Má bhíonn deireadh le Covid-19 an t-am seo an bhliain seo chugainn beimid ag filleadh ar an gcomórtas mar a bhí go dtí seo i.e. comórtas díospóireachta d'fhoirne de thriúr cainteoir!
IONTRÁIL
Léigh na rialacha ar fad go cúramach anseo. Ansin cliceáil ar CLÁRAIGH ag barr an leathanaigh agus lean na treoracha chun an fhoirm a líonadh agus chun é a sheoladh ar aghaidh chugainn ar líne. An dáta deiridh iontrála isea 6 Samhain 2020 ach ní gá na físeáin féin a bheith againn go dtí níos déanaí. Beidh táille €5 ar dhalta a chlárú.
Má bhíonn aon fhadhb agat déan teagmháil le Tomás Ó Cadhla agtomasrua@gael-linn.ie nó 087 7474927
RIALACHA GINEARÁLTA
1. Tá an comórtas seo oscailte do dhaltaí in iar-bhunscoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu.
Maidir le scoileanna a bhfuil sruth Gaeilge iontu, má roghnaítear daltaí nach bhfuil sa sruth Gaeilge le labhairt féadfaidh na scoláirí sin páirt a ghlacadh sa chomórtas.
2. Beidh dhá roinn sa chomórtas - Roinn na Sóisear agus Roinn na Sinsear.
3. Is do dhaltaí atá sna ranganna Teastais Shóisearaigh Roinn na Sóisear.
4. Is do dhaltaí atá sna ranganna Ardteistiméireachta Roinn na Sinsear - daltaí na hIdirbhliana san áireamh.
5. Ní ceadmhach d'aon scoil níos mó ná triúr dalta a chur isteach ar Roinn na Sóisear agus triúr ar Roinn na Sinsear.
6. Beidh táille iontrála €5.00 le híoc ag gach scoláire. Ní mór an fhoirm iontrála ar líne a líonadh tríd an cnaipe CLÁRAIGH thuas roimh 6 Samhain 2020.
7. Ní bheidh aon dul thar bhreith na moltóirí agus ní chuirfear marcanna ar fáil.
LEAGAN AMACH AN CHOMÓRTAIS
· Is comórtas do chainteoirí aonair atá i gceist, agus seolfar gach iontráil don chéad babhta chugainn mar fhíseán den gcainteoir agus é/í ag plé ábhar a bheidh roghnaithe aige/aici ó liosta de 5 ábhar a chuirfidh Gael Linn ar fáil. Beidh téamaí difriúla á thabhairt do dhaltaí Roinn na Sóisear agus Roinn na Sinsear.
· Roinnfear na cainteoirí i ngrúpaí de ochtar (Sóisear agus Sinsear). Cuirfear na físeáin sin amach chuig moltóir agus piocfaidh an moltóir líon áirithe ón ochtar chun dul ar aghaidh chuig an chéad babhta eile (Braitheann an líon a rachaidh ar aghaidh ar an líon iontrálacha a bhíonn againn).
· Leanfar ar aghaidh mar sin go dtí go mbeidh ochtar roghnaithe i ngach réigiún (Sóisear agus Sinsear) chun dul san iomaíocht in 4 cinn de chraobhacha réigiúnacha. Craolfar na craobhacha réigiúnacha seo ar líne ar leathanach Facebook Gael Linn agus roghhnófar beirt chainteoir as gach réigiún chun dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann (Sóisear agus Sinsear).
· Craolfar Craobh na hÉireann ar leathanachFacebook Gael Linn
AM
Labhróidh cainteoirí sa chomórtas sóisearach ar feadh 3 nóiméad ar a mhéid agus labhróidh cainteoirí sa chomórtas sinsearach ar feadh 4 nóiméad ar a mhéid.
MOLTÓIREACHT AGUS CÓRAS MARCÁLA
Ní bheidh aon dul thar bhreith na moltóirí ag babhtaí Chomórtas an Phiarsaigh 2021 agus tá sé mar pholasaí ag Gael Linn gan marcanna na moltóirí a thaispeáint d’aon duine.
Bronnfar suas le 100 marc an duine ar na cainteoirí roinnte mar seo:
Tuairimíocht 50
Teacht i láthair 25
Líofacht na Gaeilge 25
IOMLÁN 100
DUAISEANNA
Bronnfar teastas Gael Linn ar gach cainteoir a ghlacann páirt.
Bronnfar duaiseanna ar na cainteoirí go léir ag na craobhacha réigiúnacha.
Bronnfar duaiseanna maithe luachmhara ar na cainteoiri ag Craobh na hÉireann. Beidh níos mó eolais faoi na duaiseanna seo i ndiaidh na Nollag.
AN CHRAOBH
Reáchtálfar Craobh Chomórtas an Phiarsaigh ar líne indiaidh an bhriseadh lár-théarma i Mí Feabhra 2021.