Iar-bhunscoil

Comórtas Tráchtaireachta Gael Linn

Léargas ginearálta

Comórtas Tráchtaireachta Uí Mhuircheartaigh 2025


I gcomhar le Nemeton Teo. agus  

CLG, Páirc an Chrócaigh 



Do na daoine óga ar fad amuigh ansin, idir bhuachaillí agus chailíní, a bhíonn ag déanamh aithris ar Bhrian Tyers, Mac Dara Mac Donnchadha nó Marty Morrissey, tá Gael Linn ag tabhairt seans daoibh bhur dtráchtaireacht féin a chur os comhar an phobail trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas seo atá ainmnithe i gcuimhne ar an dtráchtaire cáiliúil Micheál Ó Muircheartaigh a thug an-tacaíocht d’obair Gael Linn i gcónaí. 



I gcomhar le Nemeton, an comhlacht léiriúcháin teilifíse a bhíonn i mbun craolta ar chluichí CLG, agus Oifigeach na Gaeilge, Páirc an Chrócaigh, cuirfear físeán ar fáil den 8 nóiméad deireanach de chluiche peile nó iománaíochta cáiliúil, ach ní bheidh aon fhuaim leis an bhfíseán. Cuirfear ainmneacha na n-imreoirí ar fáil agus fágfar faoin iomaitheoir a thráchtaireacht féin a thaifeadadh, bunaithe ar an aicsean a tharlaíonn san 8 nóiméad deireanach sin.


Na Cluichí 

Craobh na hÉireann Iomána 2024 




Craobh na hÉireann Peile 2024 




LGFA - Ceathrú Cheannais BÁC v Gaillimh 2024 




Fad na bhFíseán 

Sinsear: 7-8 nóiméad  

Sóisear: 5 nóiméad 


Tosóidh gach píosa tráchtaireachta leis na focail ‘Fáilte romhaibh isteach a dhaoine uaisle, agus tagann sibh chugainn le 8/5 nóiméad fágtha sa chluiche seo idir A agus B’ Leanfaidh an tráchtaire ar aghaidh go dtí deireadh an chluiche. 

Cuirfear an nasc chuig an físeán a roghnófar agus tabharfar treoir d’iomaitheoirí conas a dtaifid a cheangal leis an bhfíseán sin tar éis dóibh an fhoirm iontrála a líonadh. 

Tá an comórtas á reachtáil le linn míonna an tsamhraidh i mbliana, an tréimhse is mó go mbeidh cúrsaí peile agus iománaíochta á imirt timpeall na tíre. Beimid ag súil le hiomaitheoirí a mhealladh i measc daltaí na gcoláistí samhraidh agus i measc bhaill óga chumainn CLG ar fud na tíre. 

Tá físeán le feiceáil anseo d’iarbhuaiteoir an chomórtais a thabharfaidh léargas ar an gcaighdeán gur féidir a bhaint amach, ag cuimhneamh i gcónaí gur iarracht bhuaiteora é agus nach mbeimis ag súil leis an gcaighdeán seo ó gach iomaitheoir. An rud is tábhachtaí ná go mbainfeadh gach duine sult as an dtráchtaireacht a thaifeadadh. 

Clárúcháin 


Chun iarratas/iarratais a chur isteach ar an gcomórtas cliceáil anseo chun an fhoirm chlárúcháin a líonadh. 

Is féidir le daoine aonair cur isteach ar an gcomórtas ach ní mór do dhuine fásta i.e. múinteoir nó tuismitheoir/caomhnóir a bheith ag tacú leis an iarratas agus a bheith sásta a bheith mar theagmhálaí ag Gael Linn. 

Is féidir le scoileanna nó le clubanna roinnt iarratais a dhéanamh le chéile do dhaltaí ach ní mór do mhúinteoir ón scoil nó duine fásta ón gclub a bheith ag tacú leis na hiarratais agus a bheith sásta a bheith mar theagmhálaí ag Gael Linn. 


Na Rannóga

Rannóg A: Bunscoil (Iomaitheoirí is sine ceadaithe: daltaí a chríochnaigh Rang 6 i mí an Mheithimh 2025)

Rannóg B: Ranganna na Sraithe Sóisearaí & GCSE 2025

Rannóg C: Ranganna Ardteiste, Idirbhliain san áireamh, agus Ranganna A leibhéal 2025

*NB*: Is comórtas aonarach é an Comórtas Tráchtaireachta.  



Dáta deiridh iontrála - 12/09/2025 .(Ní mór na físeáin a bheith againn roimh 26/09/2025 

Táille iontrála: €5 an duine 

Na Duaiseanna 

BUAITEOIR NÁISIÚNTA 

Bronnfar an duais seo don iarracht is fearr as na hiontrálacha ar fad, beag beann ar an rannóg atá i gceist. 

-Duais Airgid 

· Seal a chaitheamh i mbosca tráchtaireachta TG4 ag cluiche le linn Sraith Peile/Iomána 2025. 

· 4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide. 

· 5 ticéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora. 

Chomh maith leis sin, beidh duaiseanna don 3 iarracht is fearr i ngach rannóg: 

An 1ú Áit i ngach rannóg: 

· Duais Airgid. 

· 4 thicéid do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide. 

· 5 thicéid iontrála do chluiche Sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora. 

An 2ú hÁit i ngach rannóg: 

· Duais Airgid. 

· 4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide. 

· 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora. 

An 3ú hÁit i ngach rannóg: 

· Duais Airgid. 

· 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora. 



Tuilleadh eolais:

Tomás Ó Cadhla, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2

01 6753300 087 7474927 R-phost: tomasrua@gael-linn.ie