Bunscoil

Féilte Peile

Léargas ginearálta

Tá Gael Linn i mbun roinnt imeachtaí spóirt a bhfuil sé mar aidhm acu deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ar ócáidí ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha.

 



Eagraítear cúig fhéile peile gach bliain, dhá cheann i gCúige Mumhan agus ceann amháin i ngach cúige eile. Glacann ocht bhfoireann páirt iontu agus bíonn naonúr ar gach foireann, idir bhuachaillí agus chailíní. Go minic bíonn gá le réamhbhabhtaí cáilithe. Bíonn na féilte ar siúl i gceantair Ghaeltachta agus bíonn oíche amháin as baile i gceist do na foirne uile, ach amháin an fhoireann bhaile, más ann di.

 

Rialacha
  • Caithfidh gach imreoir bheith ag freastal ar bhunscoil.
  • Naonúr imreoirí a bhíonn ar gach foireann ach bíonn cead 18 a bheith ar an bpainéal.
  • Foirne meascaithe a bhíonn ann agus ní mór 4 cailín ar a laghad a bheith ar an bpáirc i gcónaí.
  • Imrítear 12 nóiméad an taobh.
  • Ceadaítear preab amháin agus rith aonair amháin, nó dhá rith aonair.
  • Ceadaítear an liathróid a phiocadh díreach ón talamh.
  • Ceadaítear gach cic saor, 45, cic amach, nó cic taobh líne, a thógáil ón láimh.
  • Ní bhíonn aon chearnóg ann ná aon chic éirice.
  • Imrítear cluichí trasna na páirce (c. 85 méadar).

Líon Foirne
Ocht bhfoireann a bhíonn páirteach i ngach féile, [2 ghrúpa de 4 fhoireann le híosmhéid de 3 chluiche ag gach foireann]

 


 

Táille

€25 an pháiste dóibh siúd a bhíonn ar lóistín agus €7.50 an pháiste dóibh siúd nach mbíonn ar lóistín. Íocann Gael Linn gach costas‚ lóistín‚ bia‚ duaiseanna agus eile ag na féilte agus 50% den chostas an bhus. Ceadaítear do gach scoil suas le 18 páiste a thabhairt leo chuig na féilte.

Duaiseanna
Bronntar Corn Gael Linn agus boinn ar na buaiteoirí. Bronntar boinn freisin ar an bhfoireann eile a ghlacann páirt sa Chraobh. Gheobhaidh na buaiteoirí i gcomórtas na bliana seo (2022) 24 geansaí urraithe ag O’Neills. Beidh deis ag na foirne iad a dhearadh agus stampa féin a chur orthu i ndiaidh na Féile.

 

Imeachtaí
Chomh maith leis an bpeil, glacann na daltaí páirt in imeachtaí spraíúla eile -: quizboird, ceolchoirm, céilí, nó eile.

 


 

Tuilleadh Eolais

Tomás Ó Cadhla | Gael Linn | 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2 | 01.6753300 / 087.7474927 | R-phost: tomasrua@gael-linn.ie
ScoilMhicDaraCelebrate BEAG
Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Buaiteoirí Féile Peile Chonnachta 2019
CarraigUíLeighinleGraham
Gaelscoil Charraig Uí Leighin, Buaiteoirí Féile Peile Chiarraí 2019
ScoilUíRiadaCelebrate
Scoil Uí Riada, Cill Chóca, Buaiteoirí Féile Peile Ráth Chairn 2019
GSMhichílChíosóigCelebrate
Gaelscoil Mhichíl Cíosóg, Inis, Buaiteoirí Féile Peile na Rinne 2019
IMG 1492
Bunscoil Ard Mhaca, Buaiteoirí Féile Peile Uladh 2019