Tráth na gCeist 2024/25
Is í aidhm Tráth na gCeist Gael Linn ná seans a thabhairt do dhaoine óga in iarbhunscoileanna Chúige Uladh atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga a chluinstin agus a úsáid ar bhealach taitneamhach, tairbheach, spraíúil, agus tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí Gaeilge agus dá saothar.
REÁCHTÁIL AN CHOMÓRTAIS
Beidh Tráthna gCeist ar siúl in 8 n-ionad ar fud Chúige Uladh. Bronnfar duaiseanna ar na foirne a thagann sa chéad áit agus an dara háit sa dá roinn (Meánscoil agus Scoil Ghramadaí). Rachaidh na foirne sa chéad áit agus sa dara háit ar aghaidh chuig craobh réigiúnach agus éagrófar í seo nuair a bheidh na buaiteoirí ar eolas againn.
IOMAITHEOIRÍ
Bíonn 4 dalta ar gach foireann agus is féidir le hiarbhunscoil ar bith i gCúige Uladh foirne a iontráil ó na ranganna sóisearacha. Beidh teorainn leis an líon foirne gur féidir le scoil a iontráil (20 Foireann). Tá an comórtas dírithe orthu siúd i mbliain 10, ach glactar le daltaí as bliain 8 nó bliain 9 chomh maith.
DUAISEANNA
Bronntar duaiseanna ar gach ball foirne den dá fhoireann is airde marc sa dá roinn (Meánscoil agus Scoil Ghramadaí).
IONTRÁIL
Chun foirne a iontráil agus an táille de £5/€5 an fhoireann a íoc, CLÁRAIGH ag barr an leathanaigh agus lean na treoracha chun an fhoirm a líonadh agus chun é a sheoladh ar aghaidh chugainn ar líne. An dáta deiridh iontrála is ea 27 Meán Fómhair 2024.
DÁTAÍ
01.10.24 - An Chorr Chríochach, Óstán an Glenavon, Lá 1
04.10.24 - Dún Dealgan, An Lisdoo
08.10.24 - Doire, Óstán an Whitehorse
10.10.24 - An Chorr Chríochach, Óstán an Glenavon, Lá 2
15.10.24 - Iúr Cinn Trá, Óstán an Canal Court
16.10.24 - An Ómaigh, Dún Uladh
23.10.24 - Naomh Comgall Béal Feirste (Uasmhéid de 20 Foireann)
Craobh Tráth na gCeist
Rachaidh na buaiteoirí ó achan rannóg fríd chuig craobh Tráth na gCeist i 2025.
Gael Linn, Aonach Mhacha, 74-76 Sráid na nGall, Armagh, UK, BT617LG.