Luan, 08 Aibreán 2019

Ní haon ‘Finscéal’ é do bhuaiteoirí Siansa Gael Linn 2019!

Ní haon ‘Finscéal’ é do bhuaiteoirí Siansa Gael Linn 2019!
Is iad an grúpa Finscéal ó Cho. Luimnigh, buaiteoirí Siansa Gael Linn 2019!

 

Ag an gcraobhchomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 7 Aibreán, roghnaíodh Finscéal ó Chontae Luimnigh mar churaidh as ocht ngrúpa d’ardchaighdeán don ghradam mór seo! Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn ó 2002 i leith, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine, agus é ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre.

 

Is í Áine Hensey ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a rinne sárobair den chur i láthair ar an oíche agus rinne an stáisiún craoladh beo raidió agus Facebook, ar an gceolchoirm. Chuir gach grúpa, ‘Léargas’ ó Chontae Thiobraid Árann, ‘Cuisle’, Co. an Chláir, agus ‘Lonrach’ ó Chontae Laoise, mar aon le ‘Aontacht’ ó Chontae Shligigh, ‘Finscéal’ ó Cho. Luimnigh agus ‘Tigh Tara’ ó Choláiste Loreto, Cúil Raithin, Contae Dhoire, agus dhá ghrúpa de bhunadh Mhaigh Eo, ‘Siar’ agus ‘Ildánach’, taispeántas iontach os comhair an tslua ollmhóir a bhí i láthair.

 

Bhí géariomaíocht eatarthu don duaischiste €4,500 agus is ar na ceoltóirí iomráiteacha Muireann Nic Amhlaoibh, Bernadette Nic Gabhann agus Seán McElwain a thit sé na duaiseoirí a roghnú. Bhí an-cheiliúradh i measc a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad Finscéal ó Luimneach na curaidh! Ochtar ceoltóirí óga atá sa ghrúpa – Séamus Dundúrtaigh, Karl Ó Raifeartaigh, Emily Ní Chondúin, Áine Ní Shíocháin, Eoin de Búrca, Breandán de Paor, Laoise Nic Ghiobúin agus Micheál Mac Giobúin. Bhí an meantóir, Síle Ní Chaigne, an-bhródúil astu! Bronnadh trófaí Siansa Gael Linn, mar aon le duais de luach €2,500, orthu.
Sa dara háit, bhí Léargas ó Cho. Thiobraid Árann – Conchúr Ó Nualláin, Breandán Ó Conaill, Tara Fahey, Lauryn Bhreathnach, Ademar Ó Maolchluiche, Naoise Kettle, Cian Ó Conghaile agus Keelan Mac Craith - agus ghnóthaigh siad duais de luach €1,250. Chuaigh an tríú háit agus duais de luach €750, chuig an ngrúpa Siar ó Cho. Mhaigh Eo – Pádraig Mac Eachmharcaigh, Deirdre Seoighe, Conor Mac Eachmharcaigh, Maitiú Ó Duilleáin, Caitríona Seoighe, Kyle Ó Hamhsaigh, Cillian Mac Conghaile agus Caoilte Ó Cuanaigh.

 

Anuas air sin, fuair gach ceoltóir a bhí páirteach sa Chraobh duais chuimhneacháin. Comhghairdeas leo uilig agus lena gcuid meantóirí, múinteoirí agus tuismitheoirí a thug spreagadh dóibh i rith an chomórtais!

 

Agus é ag glacadh buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Irish Music Magazine as a dtacaíocht don chomórtas, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn:
‘Rinne Gael Linn ceiliúradh le déanaí, le tacaíocht Raidió na Gaeltachta a chraol clár speisiálta comórtha, ar cheolchoirm iomráiteach eile, ‘Ó Riada sa Gaiety’ a d’eagraigh Gael Linn 50 bliain ó shin an mhí seo. Aithnítear gurbh í an cheolchoirm sin agus an t-albam a taifeadadh ar an oíche ba chúis leis an athbheochan ollmhór a tharla i gcúrsaí ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ag an am agus a leanann go fóill. Tá torthaí na hathbheochana sin le feiceáil anseo anocht agus cá bhfios ach go bhfuil tús curtha anocht le grúpa nua a bhainfidh cáil amach mar a rinne an grúpa Ceoltóirí Chualainn an oíche úd.’

 

Beidh léirithe na grúpaí uilig a ghlac páirt i gCraobhchomórtas Siansa le feiceáil ar Molscéal agus ar YouTube go luath!

 

Buaiteoirí Shiansa Gael Linn 2019, an grúpa 'Finscéal' ó Chontae Luimnigh, in éineacht le (ar chúl, ó chlé) Robert Heuston, Irish Music Magazine, Gearóid Mac Donncha, Ceannaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn (ar dheis).

 

Bhronn Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, an duais don dara háit ag Craobhchomórtas Shiansa Gael Linn 2019 ar an ngrúpa 'Léargas' ó Chontae Thiobraid Árann. Sa phictiúr chomh maith tá (ar chúl, ó chlé) Robert Heuston, Irish Music Magazine agus Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn (ar chúl, ar dheis).

 

Ghlac an grúpa 'Siar' ó Chontae Maigh Eo an duais don tríú háit ó Robert Heuston, Irish Music Magazine. Sa phictiúr chomh maith, tá Príomhfheidhmeannach Gael Linn Antoine Ó Coileáin (ar chúl, ar dheis).