Aoine, 31 Bealtaine 2019

FÉILE PEILE GAEL LINN IN UÍBH RÁTHACH DEN CHÉAD UAIR!

FÉILE PEILE GAEL LINN IN UÍBH RÁTHACH DEN CHÉAD UAIR!
Reáchtáladh Féile Peile Gael Linn in Uíbh Ráthach den chéad uair ariamh ar an gCéadaoin agus Deardaoin, 29/30 Bealtaine seo caite, agus d’éirigh go hiontach léi!

 

Fearadh fáilte chroíúil roimh na foirne a thaistil chuig an leithinis – An Mhodhscoil, Luimneach, Scoil Naomh Eoin Baiste, Lios Póil, Scoil an Chlocháin, Gaelscoil Faithleann, Cill Airne, Gaelscoil Aogáin, Oileán Chiarraí, Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí agus Gaelscoil Charraig Uí Leighin, Corcaigh. Chomh maith le foireann nascaithe ó Uíbh Ráthach – Scoil Náisiúnta Cillín Liath, An Dromod, Scoil Mhichíl, Baile an Sceilg agus Scoil an Ghleanna, An Gleann- bhí suas le 150 scoláire, agus a gcuid múinteoirí, páirteach san fhéile.

 

Is ar Pháirc CLG Piarsaigh Na Dromoda a imríodh na cluichí ar fad thar an dá lá, agus is i Halla Brú na Dromoda a bhí tráth na gceist boird agus céilí ar bun tráthnóna. D’fhan formhór na gcuaiteoirí i mbrúnna nó i dtithe lóistín sa cheantar.

 

Bhí an-chluiche caide sa Chraobh idir Gaelscoil Charraig Uí Leighin agus Gaelscoil Mhic Easmainn ach is ag peileadóirí Charraig Uí Leighin a bhí an bhua ar deireadh, le scór 3-12 go 2-10. Bronnadh boinn ar an dá fhoireann, agus bronnadh Corn Ghael Linn ar na captaein Eoin Ó Murchú agus Foghla Ní Bhrádaigh. Bronnadh duais don fhoireann Ghaeltachta ab fhearr ar Scoil an Chlocháin, a bhí faoi stiúr a múinteora, Cathal Ó Dubhda.

 

Tá Gael Linn fíorbhuíoch de Mhéabh Dineen agus gach duine eile a rinne éacht oibre le cinntiú go mbeadh gach rud ullamh don fhéile. Táimid buíoch chomh maith do Ghraham Ó Suilleabháin, imreoir chaide Chiarraí a tháinig chun na duaiseanna a bhronnadh ar na foirne ar fad.

 

Ba é seo an chéad fhéile de phéire a reáchtálfar i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh ó scoileanna – beidh an dara féile ar bun i nGaeltacht na Rinne ar an 4 agus 5 Meitheamh.

 

 

 Graham Ó Suilleabháin, foireann Ghaelscoil Charraig Uí Leighin, agus a múinteoirí.

 

 

Graham Ó Suilleabháin ag bronnadh duais don scoil Ghaelachta is fearr ag an bhféile ar Sheamus Ó Néill, captaen na foirne, Scoil an Chlocháin.