Máirt, 24 Meán Fómhair 2019

Dlúthdhiosca Nua Scléip 2019 ar fáil

Dlúthdhiosca Nua Scléip 2019 ar fáil

Mar a rinne muid anuraidh do Scléip 2018, tá dlúthdhiosca eisithe againn anois de bhuaiteoirí na gcomórtas amhránaíochta/ceoil ag Craobh Scléip 2019. Táimid an–bhuíoch ach go háirithe do Raidió na Life agus Raidió na Gaeltachta (Oifigiúil) a rinne formhór na dtaifead dúinn. Tá cóipeanna crua den dlúthdhiosca ar fáil anois ar sladmhargadh de €5 an ceann ag an nasc https://siopa.gael-linn.ie/ga/scléip-buaiteoirí-prizewinners-2018 nó is féidir fós éisteacht leis na traiceanna ar soundcloud ag an nasc https://soundcloud.com/gaellinn/sets/scleip-2019

Bainigí sult as an gceol agus bígí ag ullmhú do Scléip 2020!!

Tá gach eolas ar fáil faoi Scléip 2020 ag bit.ly/Scléip20