Máirt, 08 Deireadh Fómhair 2019

Bréagchúirt Uí Dhálaigh ar 8 Samhain 2019

Bréagchúirt Uí Dhálaigh ar 8 Samhain 2019
Tá gach eolas ar fáil anois maidir le Bréagchúirt na bliana seo!
Comórtas é seo do mhic léinn ag an tríú leibhéal ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist. Tá an comórtas á reáchtáil ag Gael Linn in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann‚ Cearbhall Ó Dálaigh.

Reáchtálfar réamhbhabhtaí Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn maidin Dé hAoine 8 Samhain 2019 in Óstaí an Rí (King's Inns)‚ Sráid Henrietta‚ Baile Átha Cliath 1 agus reáchtálfar an chraobh sna Ceithre Chúirt os comhair breithiúna an tráthnóna sin. 

Tá gach eolas maidir le cás na bliana seo ar fáil  ANSEO agus is féidir foireann a iontráil ansin freisin.