Luan, 11 Samhain 2019

Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2019 buaite ag Col. na hOllscoile, Corcaigh

Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2019 buaite ag Col. na hOllscoile, Corcaigh

BRÉAGCHÚIRT UÍ DHÁLAIGH GAEL LINN 2019

BUAITE AG COLÁISTE NA hOLLSCOILE CORCAIGH.

 

Bhí craobhbhabhta Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2019 ar siúl sna Ceithre Chúirt  ar an Aoine, 8 Samhain, 2019, agus is foireann ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Cárthach Ó Faoláin agus Darragh Ó Caoimh a ghnóthaigh an chéad áit !

Is in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann,Cearbhall Ó Dálaigh, atá an comórtas seo á reáchtáil ag Gael Linn  le breis agus fiche bliain anuas.  Deis iontach í do mhic léinn dlí, a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge, barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta. 

San iomaíocht i mbliana bhí foirne ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Dlí –Chumann na hÉireann, Óstaí an Rí agus OÉG, Gaillimh. Reáchtáladh réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí  maidin Dé hAoine agus bhí ar gach foireann dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Bhí ardchaighdeán i measc na n-iomaitheoirí uilig, ach ar deireadh, roghnaíodh na foirne ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Óstaí an Rí, le dul san iomaíocht sa chraobhbhabhta.

Is sna Ceithre Chúirt a bhí an craobhbhabhta le Bronagh Ó' Hanlon, Breitheamh den Ard-Chúirt, Luán Ó Braonáin A.S. agus Clíona Kimber A.S. ar an mbinse mar breithiúna. Bhí ríméad ar na buaiteoirí nuair a bronnadh buantrófaí Gael Linn agus  duais  €600 orthu. Tháinig Cillian McGovern ó Óstaí an Rí sa dara háit agus fuair sé duais €300. 

Ghlac Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, buíochas le Cormac Ó Dúlacháin, Abhcóide Sinsearach, agus le Kate Ní Chonfhaola, Abhcóide, a chuidigh le reachtáil na hócáide agus a bhí ar fáil chun cabhair agus comhairle a thabhairt do na foirne tríd síos.  Mhol sé freisin an comhoibriú a fhaigheann Gael Linn ó Óstaí an Rí agus ón tSeirbhís Chúirteanna, a chuireann áiseanna den scoth ar fáil don chomórtas ó bhliain go bliain.

Na buaiteoirí Cárthach agus Darragh le hAntoine Ó Coileáin, Gael Linn, Clíona Kimber, A.S. agus Bronagh O'Hanlon, Breitheamh den Ard-Chúirt.


Antoine Ó Coileáin, Gael Linn, Clíona Kimber A.S. Cillian McGovern, Óstaí an Rí, a bhí sa dara háit agus Bronagh O' Hanlon, Breitheamh den Ard-Chúirt