Déardaoin, 14 Samhain 2019

Réaltaisteoir ar Lár

Réaltaisteoir ar Lár

Niall Tóibín- Réaltaisteoir Gaeilge ar Lár

Cúis bhróin do Gael Linn bás NiallTóibín, fear ildánach a raibh baint mhór aige le tograí amharclannaíochta agusclos-amhairc de chuid na heagraíochta sna seascaidí agus sna seachtóidí.

Bhí Niall ina chrann taca ag amharclannAn Damer, mar aisteoir, mar léiritheoir agus mar scríbhneoir. Ag scríobh dófaoin dráma Spailpín a’Rúin (le SeánÓ Riada), a raibh páirt ag Niall é féin ann, scríobh Niall: ‘go raibh an drámaar cheann de na hiarrachtaí b’inspéise dar léiríodh riamh sa Damer’. Snaseachtóidí, chuir sé seónna aonair i láthair dar teideal ‘Sa Damer Seal’ agus‘Briathar Saor’, léirithe a raibh an-ráchairt orthu.

Ar na scannáin de chuid Gael Linn andearna an Tóibíneach an tráchaireacht orthu bhí: Cappallology (1968),  Pobal (1970), Poc ar Buile (1971) agus Mótarmo Chroí (1975). Ba é Niall Tóibín freisin a bhí ina fhear a’tí don cheolchoirmiomráiteach Ó Riada sa Gaiety i 1969. Beidh aithne ag na glúnta páistí óga arghlór caoin Niall Tóibín as an tráchtaireacht rinne sé ar ar  cheirnín Trup,Trup, a Chapaillín.

Ceannródaí ab ea Niall Tóibín a thug anGhaeilge i láthair an phobail go healaíonta agus go taitneamhach. Ar dheis Dégo raibh a anam uasal.