Cuireadh tús le réamhbhabhtaí Scléip Gael Linn ins An Taibhdhearc, Gaillimh ar an Mháirt 19 Samhain.
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá oscailte do na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin, le béim ar na healaíona comhaimseartha, rince cruthaitheach agus ceol pop/rac/rap srl. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta.
Bhí caighdeán an-ard ag an dá réamhbhabhta agus mar is ghnáth bhain na daltaí an-spraoi as an gcomórtas do Phopghrúpaí / Racghrúpaí ach go háirithe!!
Seo a leanas na míreanna gur éirigh leo áit a ghnóthú i gCraobh Scléip Gael Linn a bheas ar siúl in Amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an gCéadaoin 20 Eanáir 2020!
Torthaí ó An Taibhdhearc:
Rince Cruthaitheach: Grúpaí - Sóisear
‘Cuisle’,Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Rince Cruthaitheach: Grúpaí – Sinsear
‘Gary agus Cora’, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna
Slua-amhránaíocht
‘Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, leféintionlacan– Sóisear
Ailbhe Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Amhránaíocht Aonair sa stí Pop/Rac/Rap, le féintionlacan– Sinsear
Sorcha Ní Choncarraige, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Amhránaíocht Aonair sa stí Pop/Rac/Rap, le Tionlacan Ó Fhuaimrian Taca–Sóisear
Rosemary Nic an Bhaird, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Amhránaíocht Aonair sa stí Pop/Rac/Rap, le Tionlacan Ó Fhuaimrian Taca–Sinsear
Aimee Ní Bhruacháin, Coláiste naCoiribe, Gaillimh
Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol - Sóisear
Éabha Ní Chonghaile, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol – Sinsear
Aodhán Breathnach, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Popghrúpa/Racghrúpa, le féintionlacan – Sóisear
‘Beogacht’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An CheathrúRua
Popgrúpa/Racghrúpa, le féintionlacan– Sinsear
Coláiste Naomh Éinne, Cill Rónáin, Árainn

Popghrúpa Choláiste Naomh Éinne, Árainn

Áine Ní Ghríofa, An Cheathrú Rua