Déardaoin, 16 Eanáir 2020

CRAOBH UÍ CHADHAIN AR SIÚL I nGAILLIMH DEN CHÉAD UAIR RIAMH!

CRAOBH UÍ CHADHAIN AR SIÚL I nGAILLIMH DEN CHÉAD UAIR RIAMH!

Ar an gCéadaoin 22 Eanáir 2020 tabharfaidh foirne díospóireachta ó scoileanna lán-Ghaeilge éagsúla ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Óstán Salthill, Bóthar na Trá, Gaillimh chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.

Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn do iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Seo an chéad uair riamh a reáchtáladh an Chraobh i nGaillimh agus tá Gael Linn ag súil le slua mór, go háirithe ó na scoileanna ó Chonamara a bheas páirteach!

Dhá dhíospóireacht, Sóisear agus Sinsear, a bheas ann ar an gCéadaoin seo chugainn agus is é Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás naGaeltachta a bheidh mar aoichainteoir ag an ócáid. Tá sean taithí ag Micheál ar chomórtais díospóireachta Gael Linn mar gur ghlac sé féin páirt iontu ina óige agus é ag freastal ar Choláiste Éinne i nGaillimh.

Beidh deis ag na buaiteoirí ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú  €1,000 an ceann iad, i dtaca le Corn Uisne i Rannóg na Sóisear agus Corn Gael Linn i Rannóg na Sinsear, a thabhairt leo ag Craobh na hÉireann. 

Seo a leanas na socruithe don dá dhíospóireacht agus beidhfáilte mhór roimh an bpobal.

Ionad: Óstán Salthill, Bóthar na Trá, Gaillimh

Dáta: Dé Céadaoin 22 Eanáir 2020        Am: 4.30 p.m.

 

4.30 p.m.- Sóisear

Foireann A: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Foireann B: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. naGaillimhe

Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath                     

Foireann D: Coláiste Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí

Rún: Tá cúis ghearáin ag feirmeoirí nahÉireann!

5.45 p.m.- Sinsear

FoireannA: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe               

FoireannB: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath                     

FoireannC: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

FoireannD: Pobalscoil  Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn                       

 

Rún: Ba cheart dúinn bata agus bóthar a thabhairt don rialtas seo ag an olltoghchán atá le teacht!

Dóibh siúd nach mbeidh ábalta freastal ar an ócáid beidh na díospóireachtaí á chraoladh beo ar leathanach Facebook Molscéal TG4 !

Tuilleadh Eolais: Sean Ó Ceallaigh, Gael Linn,seanc@gael-linn.ie 01 6753299 

                             Tomás Ó Cadhla, Gael Linn, tomasrua@gael-linn.ie  087 7474927

Pobalscoil Chorca Dhuibhne - Sóisear


Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua- Sóisear

Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal - Sinsear

Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua - Sinsear

Coláiste Eoin, Sinsear

Coláiste Pobail Ráth Chairn - Sóisear

Pobalscoil Ghaoth Dobhair - Sinsear

Coláiste Eoin - Sóisear