Bhí scoth na siamsaíochta i measc na hóige ag Craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2020, a d’eagraigh Gael Linn Dé Céadaoin seo caite, 29 Eanáir 2020 in amharclann Clasach i mBaile Átha Cliath. (Ta neart pictiuir le feiceáil ar leathanach Facebook Scléip agus freisin ANSEO )
Tá an comórtas tallainne spraíúil seo á reáchtáil ag Gael Linn do na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin, le béim ar an gceol agus ar na hamhráin Pop agus Rac chomh maith leis an rince cruthaitheach.
Tugadh deis do cheoltóirí, d’amhránaithe agus do rinceoirí óga dul os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta in amharclanna ó cheann ceann na tíre roimh an Nollaig i sraith réamhbhabhtaí agus siad na buaiteoirí ó na babhtaí sin a bhí ar stáitse i gCluain Tarbh sa Chraobh.
Bhí líon mhór iomaitheoirí ar stáitse don chraobh arís i mbliana agus slua bhreá de lucht tacaíochta ag an gcuid is mó acu! Chuir damhsóirí ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh; Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill; Gaelcholáiste Cheatharlach; Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh agus Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna tús an-chumhachtach leis an lá san amharclann. Lean cúrsaí ar aghaidh le comórtas Slua-Amhránaíochta nuair a chuir scoláirí de chuid Mheánscoil Gharman, Inis Córthaidh; Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua agus Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh a snas féin ar amhráin aitheanta agus iad ag léiriú a gcuid scileanna amhránaíochta agus cóiréagrafaíochta!
Ghlac iomaitheoirí eile ó na scoileanna thuasluaite páirt sa chomórtas Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac le fuaimrian tacaíochta chomh maith le scoláirí ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon; Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí agus ó Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí.
Agus na comórtais sin ar bun i bpríomhhalla na hamharclanna bhí neart tallainne eile le feiceáil thíos i Seomra Tom Corbett san amharclann, áit a raibh na comórtais Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac le féintionlacan agus Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol ar bun agus i measc na hiomaitheoirí bhí daltaí ó Ghaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh; Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis; Coláiste Cois Life, Leamhcán, Pobalscoil Chloich Cheannfhaola, Tír Chonaill, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair; Coláiste Oiriall, Muineacháin agus Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín. Canadh réimse leathan d’amhráin, idir amhráin aitheanta agus amhráin nua-chumtha.
I ndiaidh am lóin, bhí atmaisféar dochreite san amharclann don chomórtas Poghrúpa/Racghrúpa le féintionlacan. Bhí grúpaí páirteach ó Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh agus Coláiste Naomh Éinne, Cill Rónáin, Oileán Árainn chomh maith le cinn eile ó scoileanna atá luaite cheana! Bhí fuinneamh agus spraoi i measc na ngrúpaí uile, rud a chuir an lucht féachana ar a gcosa agus a chuir deireadh spleodrach leis an lá. Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí-Rá a chuir an seó i láthair i rith an lae agus
siad a bhí i mbun moltóireachta ná na hamhránaithe Niamh de Búrca agus Lauren Ní Chasaide, Pádraig Ó Conghaile ó IMLÉ, an rinceoir Máire Uí Mhurchú agus Micheál Ó Ciaraidh, TG4. Thugadar ardmholadh do phobal óg na Gaeilge as an chruthaitheacht agus an mhisneach a bhí léirithe acu.
Buaiteoirí ó Chraobhchomórtas Scléip 2020
Rince Cruthaitheach (Sóisear)
1ú áit – ‘Taom Croí’, Gaelcholáiste Cheatharlach
2ú háit – ‘Na Féileacháin’, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh
Rince Cruthaitheach (Sinsear)
1ú áit - ‘Elimeantach’, Gaelcholáiste Cheatharlach
2ú háit – ‘Na hEalaí’, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh
Slua-Amhránaíocht
1ú áit - ‘Glee Ailigh’, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill
2ú háit- ‘Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Amhránaíocht aonair sa stíl Pop/Rac le fuaimrian tacaíochta (sóisear)
1ú áit- Katie Ní Éalaithe, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh
2ú háit- Hannah Nic Pháidín, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
Amhránaíocht aonair sa stíl Pop/Rac le fuaimrian tacaíochta (Sinsear)
1ú áit – Daniel Furlong, Méanscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
2ú háit – Aimee Ní Bhruacháin, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Amhránaíocht aonair sa stíl Pop/Rac le féintionlacan (sóisear)
1ú áit – Ailbhe Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
2ú háit – Caoimhe Ní Cheallacháin, Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Baile Átha Cliath
Amhránaíocht aonair sa stíl Pop/Rac le féintionlacan (sinsear)
1ú áit – Sorcha Ní Choncharraige, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Gaillimh
2ú háit- Jack Ó Leathlobhair, Gaelcholáiste Cheatharlach
Ceol Uirlise Aonair sa stil Pop/Rac/Snagcheol (Sóisear)
1ú áit - Tom Ó Néill, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Áth Cliath
2ú háit- Harvey de Brún, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath
Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol (Sinsear)
1ú áit- Aodhán Breathnach, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
2ú háit- Eoin Ó Meachair, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Co. Áth Cliath
Popghrúpa/Racghrúpa (Sóisear)
1ú áit - ‘Liam, Daithí, Helen, Caoimhe’ ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Átha Cliath
2ú háit - ‘Fuaim’ Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
Popghrúpa/Racghrúpa (Sinsear)
1ú áit - ‘Camo agus na leaids’ Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Loch Garman
2ú háit – ‘Beocht’ Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Áth Cliath
Gradam NÓS (Don amhrán nua-chumtha is fearr ag Craobh Scléip 2020)
‘Beogacht’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Gradam Scléip 2020 (Don taispeántas is fearr ar fad ag Craobh Scléip 2020)
Daniel Furlong, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
Bhí Molscéal TG4 i láthair ar an lá agus tá físeán ón ócáid le feiceáil ar a suíomh agus ar leathanach Facebook Scléip! Déanfar taifeadadh phroifisiúnta ar fhormhór na mbuaiteoirí sna comórtais amhránaíochta in am tráth agus eiseofar dlúthdhiosca amach anseo. Beidh deis ag lucht éisteachta raidió iad a chloisteáil ar leithéidí Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá, Raidió na Life agus RTÉ Raidió na Gaeltachta!
Thar ceann Gael Linn, mhol Seán Ó Ceallaigh na múinteoirí díograiseacha a spreag na scoláirí le bheith páirteach sna comórtais éagsula agus dúirt sé go raibh Gael Linn an-sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag Scléip ó ghlac an eagraíocht seilbh air roinnt blianta ó shin. Ghabh sé buíochas freisin le Foras na Gaeilge as ucht a dtacaíocht leanúnach don chomórtas.
