Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais don phost thuasluaite. Beidh an té a cheapfar freagrach as reáchtáil scéim Gaelbhratach ar leibhéal na bunscoile.
Príomhdhualgais an Phoist:
- Cruinnithe agus ceardlanna a eagrúleis na scoileanna a roghnófar, idir cheardlanna faoi riaradh na scéime agus cheardlanna ar mhúineadh na Gaeilge do na múinteoirí
- Tuairiscí a chur ar fáil faoi dhul chun cinn an tionscadail agus freastal ar chruinnithe coistí éagsúla de réir mar is gá
- Tacú leis na scoileanna trí spreagadh a thabhairt do na múinteoirí agus smaointe cruthaitheacha a roinnt leo
- Áiseanna tacaíochta, nó eolas faoi áiseanna a chur ar fáil ar líne
- An suíomh gréasáin agus an blag a choinneáil chun dáta
- Plé a dhéanamh le baill foirne ó pháirtithe leasmhara chun go mbeidh said oilte mar is ceart agus iad i mbun cuairteanna ar scoileanna
- Monatóireacht a dhéanamh ar obair na scoileanna chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le spriocdhátaí agus tacú leo de réir mar is cuí
- Feidhmiú faoi threoir ón gCoiste Náisiúnta chun an scéim a chur chun cinn
- Na socruithe cuí a dhéanamh chun ócáidí bronnta a eagrú
- Comhoibriú leis an Oifigeach Tionscadail ar an dara leibhéal agus baill eile foirne
- Ábhar suimiúil, cruinn agus tarraingteach a chruthú do na meáin shóisialta
Riachtanais don Phost:
Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
- Tiomantas don Ghaeilge agus taithí ábhartha maidir lena cur chun cinn
- Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide
- Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
- Láncheadúnas tiomána agus teacht ar charr
- Cumas obair le foireann agus as a stuaim féin araon
Critéir Inmhianaithe
· Cur amach ar Canva, Photoshop srl.
· Tuiscint mhaith ar na meáin shóisialta
· Scileanna cur i láthair
Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn i mBaile Átha Cliath ach beidh cuid mhaith taistil i gceist. Tuarastal ar raon Oifigeach Feidhmiúcháin (€27,707 go €48,358).
Spriocdháta le haghaidh iarratais: 25 Meán Fómhair 2020
Foirm iarratais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie