OícheChultúir 2020 – Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2020
AbairAmhrán Linn [AR LÍNE]
Tugann Gael Linn cuireadh dár leantóirígo léir ceiliúradh a dhéanamh linn ar Oíche Chultúir 2020.
Beidh seisiún amhránaíochta, ceoil agussiamsaíochta le feiceáil beo ar leathanach Facebook Gael Linn le scoth nan-amhránaithe agus na gceoltóirí Gaelacha ag an ócáid 'Abair Amhrán Linn.'
BeidhMáire Ní Choilm, Na Casaidigh, An Chéad Ghlúin Eile, Pax agus Macdara Ó Faoláinlinn ón a sé a chlog ar aghaidh Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair, le ceiliúradh adhéanamh ar an gceol agus ar an gcultúr Gaelach.
Beidh deis ag an bpobal sa mbaile páirt a ghlacadhsa spraoi chomh maith agus cuirfear focail na n-amhrán ar fáil anseo arFacebook roimh ré.
Bígí linn dár gcéad mhórcheiliúradh ar línemar chuid d'Oíche Chultúir 2020, beo ar leathanach Facebook Gael Linn ag 18:00! Cliceáil anseo le dul chuig leathanach Facebook Gael Linn. Tá liricí na hamhráin ar fáil anseo chomh maith!
Fáilteroimh chách!