Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair 2020

Craobh Diospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2020

Craobh Diospóireachta Tríú Leibhéal Gael Linn 2020

Tá an Craobh Díospóireachta Tríú Leibhéal 2020 á eagrú ag Gael Linn i gcomhar le Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal Chonradh na Gaeilge, agus le hOireachtas na Gaeilge.


Reáchtálfar Craobh Díospóireachta Gael Linn do mhic léinn tríú leibhéal ag 1.30 i.n. an Satharn seo, 31 Deireadh Fómhair, mar chuid d’fhéile fhíorúil an Oireachtais. Craolfar an díospóireacht beo ar YouTube Gael Linn agus ar www.antoireachtas.ie. Ceann de bhuaicphointí na féile é an imeacht seo ag Oireachtas na Samhna gach bliain, leis na céadta mac léinn ag freastal air ag tacú leis na foirne, ach dar ndóigh i mbliana beidh orthu tiúnáil isteach ar líne!


Is é rún na bliana seo ná: ‘Is córas roghnúcháin cothrom é córas na bpointí’. Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht

Foireann A - An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (i bhfabhar)

Kate Gaughan & Molly Parmeter

Foireann B - An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (i gcoinne)

Orla Leahy & Pádraig Ó hAiniféin

Foireann C - An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide (i bhfabhar)

Maitiú Charleton & Rebecca Ní Thréanlámhaigh

Foireann D - An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (i gcoinne)

Míde Nic Fhionnlaoich & Gearóid Dardis


Is é Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn a bheidh ina chathaoirleach don ócáid.


Mar aon le gach bliain eile, beidh duaischiste iontach le gnóthú ag na foirne a thagann sa gcéad áit agus sa dara háit. Fógróidh na moltóirí na buaiteoirí beo ar an lá. Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times ar na buaiteoirí chomh maith le Bonn Airgid an Oireachtais agus €200 an duine. Gheobhaidh an fhoireann a thiocfaidh sa dara háit Bonn Cré-Umha an Oireachtais agus €100 an duine.


Bí linn Dé Sathairn ag 1.30 i.n. d’imeacht mhór eadarcholáistí na bliana seo mar cheiliúradh ar fhéile fhíorúil an Oireachtais 2020!


Tuilleadh Eolais:             

Tomás Ó Cadhla              

tomasrua@gael-linn.ie

087 7474927