Luan, 09 Samhain 2020

Buaiteoirí Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2020!

Buaiteoirí Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2020!

 

BRÉAGCHÚIRT UÍ DHÁLAIGH GAEL LINN 2020

BUAITE AG OLLSCOIL CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH.

 

Reáchtálach craobhbhabhta Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2020 go fíorúil ar Zoom ar an Aoine, 6 Samhain, 2020, agus is foireann ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Caoimhe Ní Choimín, Róisín Ní Mhadaoin, Cian Ó Bolgair Ó hAodh agus Daithí Nesbitt a ghnóthaigh an chéad áit !

Is in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, atá an comórtas seo á reáchtáil ag Gael Linn  le breis agus fiche bliain anuas. Deis iontach í do mhic léinn dlí, a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge, barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta. 

San iomaíocht i mbliana bhí mic léinn ó Choláiste nahOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Óstaí an Rí, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Reáchtáladh réamhbhabhtaí ar líne maidin Dé hAoine agus bhí ardchaighdeán i measc na n-iomaitheoirí uilig. Ar deireadh, áfach roghnaíodh na foirne ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí le dul san iomaíocht sa chraobhbhabhta.

Craoladh an craobhbhabhta beo ar leathanach Facebook Gael Linn, leis an t-Abhcóide Sinsir Cormac Ó Dúlacháin, an t-Abhcóide Daithí Mac Cárthaigh agus an t-Abhcóide Alice Maguire-Spencer ar an mbinse mar breithiúna. Bhí ríméad ar na buaiteoirí nuair a bronnadh buantrófaí Gael Linn agus duais €600 orthu. Tháinig Aoife Nic Chraith, Sorcha Dianamh Ní Néill Fulham, Seána Davey agus Deirdre Donnelly ó Óstaí an Rí, sa dara háit agus bronnadh €300 orthu. 

Ghlac Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, buíochas leis na hAbhcóidí Kate Ní Chonfhaola agus Alice Maguire-Spencer a chuidigh le reachtáil na hócáide agus a bhí ar fáil chun cabhair agus comhairle a thabhairt do na foirne tríd síos.  Mhol sé freisin an comhoibriú a fhaigheann Gael Linn ó Óstaí an Rí agus ón tSeirbhís Chúirteanna, a chuireann áiseanna den scoth ar fáil don chomórtas ó bhliain go chéile agus dúirt sé go raibh Gael Linn ag súil go mór le bheith ar ais sna Ceithre Chúirt do chraobhbhabhta 2021.

Is féidir féachaint siar ar Chraobh Bréagchúirt Uí Dhálaigh anseo.