Oifigeach Tacaíochta
Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais don phost seo in oifig Gaelbhratach. Scéim spreagtha í Gaelbhratach a thacaíonn le scoileanna atá ag cur labhairt na Gaeilge chun cinn, idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Beidh tú ag tacú le foireann na hoifige chun an scéim a riaradh agus ag comhordú ábhar do na meáin shóisialta.
Príomhdhualgais an Phoist:
· Ábhar a chruthú agus a chomhordú do na meáin shóisialta
· Fiosrúcháin ar an bhfón & r-phost a fhreagairt, táirgí a ordú, sonraisc a lorg etc.
· Tacú leis na hoifigigh le socruithe a dhéanamh do cheardlanna, ócáidí srl.
· Riar a choinneáil ar shonraí scoile, bunachar na scéime
· Áiseanna agus acmhainní a chruthú do mhúinteoirí
Critéir don Phost:
· Ardscileanna ríomhaireachta agus cumarsáide
· Ardleibhéal Gaeilge, idir labhairt & scríobh
· Scileanna riaracháin & eagrúcháin - cumas cloí le sceideal agus spriocdhátaí
· Ullmhacht le scileanna nua a fhorbairt
Critéir inmhianaithe:
· Eolas & tuiscint ar threochtaí ar na meáin shóisialta
· Taithí/suim in dearadh graific & eagarthóireacht físe, eolas ar mhargaíocht dhigiteach
· Taithí le huirlisí cruthaitheacha ar nós Canva nó Adobe Creative Suite.
· Céim ábhartha nó a chomhionann de thaithí
· Tuiscint ar an earnáil oideachais, ar earnáil na Gaeilge, & an earnáil chultúrtha
Beidh an post lonnaithe i gCeannáras Gael Linn i mBaile Átha Cliath. Tuarastal ar scála Oifigeach Cléireachais. Socrófar pointe ar an scála de réir thaithí ábhartha.
Spriocdháta le haghaidh iarratais: 5pm 28.02.21
Reáchtálfar agallaimh go fiorúil ar an Déardaoin 04.03.21
Foirm iarratais & tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie