Déardaoin, 22 Aibreán 2021

Freagra Gael Linn ar Dhréacht-Treoir COVID-19 do Choláistí Samhraidh Gaeilge

Freagra Gael Linn ar Dhréacht-Treoir COVID-19 do Choláistí Samhraidh Gaeilge

Cuireann Gael Linn[1] fáilte roimh an Dréacht-Treoir COVID-19 do Choláistí Samhraidh Gaeilge a foilsíodh ar 19 Aibreáin 2021. Is ball de CONCOS í Gael Linn.

 

Tuigeann Gael Linn an tábhacht a bhaineann le gnó na gcoláistí samhraidh don Ghaeltacht agus don teanga náisiúnta ar fud na tíre. 

 

Tuigeann muid go bhfuil gá le treoirlínte cuimsitheacha mar seo sa chomhthéacs ina maireann muid. Tagann cúrsaí sábháilteachta sa chéad áit.

 

Ba mhaith linn go léir na coláistí a oscailt arís ach faraor níl aon chinnteacht go mbeadh an tír ag Leibhéal 1 nó 2 le ligean do na cúrsaí a reáchtáil agus muid ag Leibhéal 5 le beag nach sé mhí anuas.

 

I ndiaidh do Gael Linn labhairt le roinnt ban tí a choinníonn daltaí ar na cúrsaí samhraidh[2], le lucht eagraithe cúrsaí eile agus le daoine éagsúla a oibríonn ar na cúrsaí, is dóigh linn go bhfuil cinneadh cinnte de dhíth ar an ghnó maidir le cúrsaí an tsamhraidh seo, 2021.

 

Is léir go bhfuil buarthaí ar gach duine faoin riosca breise a bhaineann le lóistéirí a thabhairt isteach i dtithe príobháideacha; riosca do bhunadh an tí, do mhuintir na háite, do dhaltaí agus don fhoireann fosta.

 

Tá buairt eile curtha in iúl dúinn faoi na tréithchoinneálacha eile COVID atá ag teacht chun cinn ar fud an Domhain agus sa tír seo fosta.

 

Leis na treoirlínte riachtanacha atá luaite sa Dréacht-Treoir seo, bheadh na cúrsaí an-difriúil ar fad agus ní bheadh cead an chuid is mó de na gnáthimeachtaí a reáchtáil, céilí mar shampla. Ní bheadh an tsaoirse chéanna ag daltaí leis na treoirlínte riachtanacha a bheadh le comhlíonadh agus is cinnte nach mbeadh an spraoi céanna ann dóibh. Tá buairt orainn gur olc a dhéanfadh iarrachtaí cúrsaí a reáchtáil i mbliana seachas maitheas.

 

Níl tagairt shoiléir sa Dréacht-Treoir seo don chúiteamh a bheadh ar fáil don bhean tí as líon íseal daltaí a ghlacadh; 3 x daltaí don chuid is mó is dócha faoi na treoirlínte seo, nuair a bheadh 12 daltaí ag stopadh sna tithe ar na cúrsaí gach bliain eile roimh COVID-19. Is bearna eolais é seo sa Dréacht-Treoir.

 

Níl sé soiléir cén cúiteamh a bheadh ar fáil do lucht eagraithe na gcúrsaí as líon íseal daltaí a bheith ceadaithe ar chúrsaí anuas ar an obair bhreise agus leis an chostas breise a bhainfeadh leis na coinníollacha molta a chur i bhfeidhm. Is bearna é seo sa Dréacht-Treoir fosta. 

 

Meastar go forleathan gur i Mí Lúnasa amháin a d’fhéadfadh na cúinsí a bheith níos oiriúiní do chúrsaí ná mar atá siad faoi láthair agus, faraor, de ghnáth sin an mhí is lú a mbíonn daltaí ag tarraingt ar chúrsaí Gaeltachta; i Mí an Meithimh agus i Mí Iúil is mó a mbíonn daltaí ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta ar fud na tíre.

 

Mhol an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do lucht eagraithe cúrsaí gan daltaí a chlárú go fóill agus bhí ciall leis an mholadh sin. Beidh cúiteamh riachtanach do lucht eagraithe cúrsaí le tacú le costais bhliantúla; lár-fhoireann lán aimsire, ábharachas, riarachán, poiblíocht/margaíocht agus táillí eile.

 

Tá orainn go léir sláinte na tíre a chur sa chéad áit agus aithint cé gur mhaith linn cúrsaí samhraidh Gaeltachta a reáchtáil i mbliana bheadh na rioscaí ró-ard agus na coinníollacha ró-thoirmeascach. 

 

Tá ar Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ceannaireacht a léiriú agus aithint nach bhfuil sé réalaíoch ná praiticiúil go mbeadh súil le lucht eagraithe cúrsaí ná mná tí na coinníollacha riachtanacha a chomhlíonadh chomh mall seo sa tséasúr.

 

Ba chóir grúpa oibre a chur le chéile le cinnte a dhéanamh go dtiocfadh gnó na gcoláistí samhraidh ar ais chomh láidir agus is féidir don bhliain 2022 agus an tacaíocht chuí a chur ar fáil chuige sin.

 

Beidh cúiteamh de dhíth ar mhná tí, ar lucht eagraithe na gcoláistí mar a cuireadh ar fáil anuraidh agus orthu siúd a chuireann ionaid ar fáil do na cúrsaí seo fosta.

 

Tuileadh Eolais: Réamonn Ó Ciaráin reamonn@gael-linn.ie


[1] Fondúireacht neamhpholaitiúil, neamhrialtasach is ea Gael Linn, a bunaíodh sa bhliain 1953. An phríomhaidhm aici ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur cinn ar fud Éireann uile mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Tá oifigí Gael Linn lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus in Ard Mhacha. Sa bhliain 2014, aithníodh Gael Linn ar cheann den sé cheanneagraíocht a bheadh le bunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge. Mar cheanneagraíocht, ‘s iad seo roinnt de na feidhmeanna atá leagtha orainn:

· Oideachas in Earnáil an Bhéarla- taighde agus áiteamh i leith theagasc na Gaeilge, tacaíocht do mhúinteoirí agus soláthar áiseanna.
· Oideachas d’Aosaigh-soláthar agus éileamh ar ranganna agus áiseanna a chur chun cinn.
· Deiseanna Úsáide do Dhaltaí Scoile 

       - Gaelbhratach a fhorbairt

       - gréasáin úsáide Gaeilge scoil-bhunaithe a bhunú agus a bhuanú

       - sraith d’imeachtaí seach-churaclaim a éascú agus a chomhordú

 

[2] Reáchtálann Gael Linn dhá choláiste samhraidh i gContae Dhún na nGall– Coláiste Mhachaire Rabhartaigh & Coláiste Bhun an Inbhir